Cé mhéad airgid atá le caitheamh agat – i gcomparáid le gach duine eile in Éirinn?

18/03/2024

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an méid airgid atá le caitheamh ag teaghlach in Éirinn, ar an meán. Cé chomh maith as agus atá do theaghlach i gcomparáid leis an meán?

Tá méadú tagtha ar an méid airgid atá le caitheamh ag teaghlaigh – ach ní mar sin atá an scéal nuair a chuireann tú boilsciú san áireamh.

Tá méadú 5.8% go €55,149 sa bhliain ar an Meánioncam Indiúscartha (Median Disposable Income)  – Tá méadú 5.8% go €55,149 sa bhliain ar an meánioncam indiúscartha – is é sin an méid airgid atá le caitheamh ag teaghlach, ar an meán.

Ach tá sé síos 1.9% nuair a athraítear é do bhoilsciú (inflation), de réir na sonraí ón bPríomh-Oifig Staidrimh.

Ba é an fíor-Meánioncam Indiúscartha (Median Disposable Income), nuair a athraítear é do bhoilsciú ar leibhéil 2019, ná €50,162, laghdú de €958 ón mbliain roimhe sin.

Ar an meán, fuair teaghlaigh €1,509, sin 86.9% den ollioncam seachtainiúil, ó fhoinsí margaidh mar fhostaíocht, pinsin agus ioncam eile, agus tháinig €227 eile ó aistrithe sóisialta (social transfers).

Tar éis cáin, árachas sóisialta (social insurance) agus ranníocaíochtaí pinsin a asbhaint agus aistrithe idir theaghlaigh a íocadh, b'ionann an figiúr seo agus €1,205.
Tar éis cáin, árachas sóisialta (social insurance) agus ranníocaíochtaí pinsin a asbhaint agus aistrithe idir theaghlaigh a íocadh, b’ionann an figiúr seo agus €1,205

Tar éis cáin, árachas sóisialta (social insurance) agus ranníocaíochtaí pinsin a asbhaint agus aistrithe idir theaghlaigh a íocadh, b’ionann an figiúr seo agus €1,205.

Bhí meánioncam seachtainiúil de €297 ag an 10% de na teaghlaigh a raibh an t-ioncam indiúscartha (disposable income) is ísle acu. Tháinig €62 de sin ó fhoinsí margaidh agus €235 ó aistrithe sóisialta. Tar éis asbhaintí, b’ionann é sin agus €281 in aghaidh na seachtaine.

Do theaghlaigh i sa lárphointe, ba é an meánioncam seachtainiúil ná €1,223, comhdhéanta de mheánioncam margaidh €941 agus €282 in aistrithe sóisialta. Tar éis asbhaintí, b’ionann an figiúr seo agus €972.

Bhí meánioncam seachtainiúil de €5,205 ag teaghlaigh sa 10% is airde, ar tháinig 97% de sin ó fhoinsí margaidh (€5,048) agus 3% (€153) ó aistrithe sóisialta. Tar éis asbhaintí, bhí €3,053 in ioncam indiúscartha ag teaghlaigh sa 10% ba mhó.

Dúirt Brian Cahil, staitisteoir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh: ‘Léiríonn na torthaí ó 2023 méadú ar ioncam teaghlaigh ón mbliain roimhe sin, ach nuair a choigeartaítear (adjust) é do bhoilsciú feicimid go bhfuil fíor-ioncam teaghlaigh tite i rith na bliana.

‘Mar sin féin, d’athraigh sé seo go mór de réir deicíl, áit a bhfuil teaghlaigh rangaithe ón ioncam indiúscartha is ísle go dtí an líon is airde.’

Bhí tábhacht ag baint leis na n-íocaíochtaí costais mhaireachtála a fógraíodh i mbuiséid le déanaí, toisc gur thit riosca na bochtaineachta go 10.6% ó 12.5% in 2022. Mar sin féin, tugann an tuarascáil dá haire gur dócha go méadófaí an riosca bochtaineachta gan na híocaíochtaí breise seo.


Suirbhé ar Ioncam agus Dálaí Maireachtála
CSO figure

€55,149 Ioncam airmheánach diúscartha líon tí in 2023, méadú 5.8%Ag coigeartú de bharr boilscithe, laghdú 1.9% ar ioncam in 2023

10.6% de dhaoine i mbaol bochtaineachta in 2023, le hais 12.5% in 2022

13.6%de dhaoine i mbaol bochtaineachta in 2023 coigeartaithe de bharr boilscithe**, le hais 12.5% in 2022

Bheadh 13.0% de dhaoine i mbaol bochtaineachta murach na bearta costais maireachtála le hais 12.5% in 2022

*Baineann ioncam SILC 2023 le bliain féilire 2022. Nuashonraíodh sonraí ó 2022 ar an 07/03/2024. **Arna ríomh le tairseach boilscithe coigeartaithe 2022


Dúirt Cahil: ‘Thit céatadán na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta in 2023 i gcomparáid le 2022, áfach, dá gcuirfí as an áireamh bearta costais mhaireachtála a íocadh le teaghlaigh in 2022 bheadh an ráta atá i mbaol bochtaineachta ardaithe.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram