Coinníodh 166 duine ó bheith gan dídean i nGaillimh thar trí mhí

04/08/2023

Insíonn Threshold, carthanas a chuidíonn le daoine gan dídean, faoin mbrú atá ar theaghlaigh

Choinnigh Threshold, an carthanas tithíochta, 166 duine – 75 páiste san áireamh – ó dhul gan dídean i nGaillimh sa dara ráithe den bhliain seo.

Chabhraigh Threshold le 77 teaghlach i nGaillimh éirí gan dídean le linn Aibreán, Bealtaine agus Meitheamh na bliana seo.

Áiríodh leis seo 30 duine fásta agus 29 leanbh i gContae na Gaillimhe, agus 61 duine fásta agus 46 leanbh eile i gCathair na Gaillimhe, de réir an Galway City Tribune.

Daoine gan dídean
Daoine gan dídean Pic: Leah Farrell/RollingNews.ie

Le linn na tréimhse sin, d’oibrigh comhairleoirí Threshold ar 325 cás san iomlán ó thionóntaí i gContae na Gaillimhe agus 439 cás ó thionóntaí sa chathair.

Dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta a oibríonn chun daoine a choinneáil ina dtithe féin faoi ‘fhoirceannadh tionóntachtaí (tenancy terminations)’ a bhí ina ábhar imní ard i gcónaí do chíosóirí (renters) sa chathair agus sa chontae.

Bhain thart ar 34% de na fiosruithe ar fad ó thionóntaí sa chontae le foirceannadh (termnation), agus b’ionann sin agus cás amháin as gach ceithre cinn sa chathair.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Threshold John-Mark McCafferty: ‘Tá líon ard cíosóirí príobháideacha ag lorg tacaíochta i raon saincheisteanna i gcónaí, ach tá imní faoi fhoirceannadh tionóntachtaí fós ar an bpríomhdhúshlán atá roimh thionóntaí.

‘Chonaiceamar laghdú beag ar líon na dteaghlach ar cuireadh cosc orthu dul isteach gan dídean an ráithe seo i gcomparáid leis an gcéad ráithe den bhliain seo.

Fadhb mhór a deir Treshold
Fadhb mhór a deir Treshold Pic: Artur Widak/NurPhoto via Getty Images

‘Tá sé seo mar thoradh ar chásanna cliant a mhair ar feadh tréimhse níos faide mar gheall ar a gcastacht, rud a chiallaíonn nach bhfuilimid ag dúnadh an oiread cásanna agus a chonacthas roimhe seo.’

B’ionann athbhreithnithe agus arduithe cíosa agus 14% de na fiosruithe ar fad i gContae na Gaillimhe, agus 21% de na fiosruithe sa chathair. Bhain thart ar 13% de na fiosruithe sa chathair agus sa chontae le nósanna imeachta ginearálta um fhoirceannadh tionóntachta.

Rinne cúig theaghlach sa chontae agus 23 sa chathair teagmháil le Threshold maidir le fadhbanna leis an tiarna talún a éarlais a choinneáil, léiríonn na figiúirí.

Go náisiúnta, dúirt an carthanas go raibh méadú ar líon na gcíosóirí atá ag lorg tacaíochta maidir lena n-éarlais cíosa a choinneáil.

Sheol sé feachtas nua ag iarraidh go mbunófaí Scéim Cosanta Taiscí chun cíosóirí a chosaint ar a n-éarlais (deposit) cíosa a choinneáil go héagórach ag tiarnaí talún.

Teastaíonn múnla coimeádta ó Threshold, áit a gceanglaítear ar thiarna talún éarlais a thaisceadh le scéim éarlaisí (deposits) tionóntachta cláraithe.

Ag deireadh na tionóntachta, is féidir leis an tionónta nó leis an tiarna talún iarratas a dhéanamh ar an scéim chun an éarlais a thabhairt ar ais.

Má aontaíonn an tionónta agus an tiarna talún araon, tugtar an éarlais ar ais go páirteach nó ina hiomláine.

Má bhíonn easaontas ann, eagraítear idirghabháil chun an scéal a réiteach, agus beidh baint ag an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (Residential Tenancies Board, RTB) má leanann easaontas ar aghaidh.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram