Tá imscrúdú mór ar bun tar éis do suas le hocht bhfeirm éanlaithe ráigeanna de salmonella a thuairisciú.
Agus de réir tuairiscí tá tús curtha cheana féin le sicíní a mharú, mar ceaptar go bhfuil siad buailte le salmonella.
Tá imscrúdaitheoirí ón Roinn Talmhaíochta ag féachaint ar na ráigeanna a tharla ag suíomhanna éagsúla timpeall na tíre.
Tá sé deimhnithe ag an Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (Food Safety Authority of Ireland, FSAI) go raibh baint aige seo le bia a tógadh as seilfeanna in ollmhargaí príomhbhranda an tseachtain seo caite.
‘Go dtí seo, níl aon chásanna breoiteachta daonna bainteach leis an imscrúdú seo. Tharla an eachtra seo ar feirmeacha tar éis aistarraing (recall) bia Western Brand a rinneadh an tseachtain seo caite,’ a dúirt an FSAI i ráiteas.
Ar 24 Eanáir, aistarraing Western Brand baisceanna de tháirgí amh sicín (expired batches of raw chicken products) a bhí imithe in éag, mar gheall ar bhrath salmonella typhimurium. Díoladh na táirgí seo mar tháirgí úra agus bhí a ndáta úsáide caite acu, ach luaigh na lipéid go raibh siad oiriúnach do reo sa bhaile.
Chuir siad fógraí aistarraingthe ag an bpointe díola agus comhairlíodh do shiopadóirí gan na baisceanna i gceist a ithe dá mbeadh siad ina reoiteoirí.
Soláthraíodh na táirgí do Aldi, Lidl, Tesco, Dunnes Stores agus Glenmore (BWG), lena n-áirítear filléid sicín, cosa sicín, sciatháin sicín, cíoch sicín le cnámh, sicíní iomlána agus táirgí le líonadh.
Tuigtear go bhfuil srianta curtha i bhfeidhm ar na hocht bhfeirm.
Is baictéar (bacteria) é Salmonella a mheastar a bheith ina riosca do shláinte an phobail agus sin an fáth go spreagtar freagairt láithreach ó na húdaráis.
Go hiondúil forbraíonn daoine atá ionfhabhtaithe (infected) le Salmonella comharthaí idir 12 agus 36 uair an chloig tar éis an ionfhabhtaithe, ach féadfaidh sé seo a bheith idir sé agus 72 uair an chloig.
Is é an siomptóm is coitianta ná buinneach (diarrhoea), a d’fhéadfadh a bheith fuilteach uaireanta.
D’fhéadfadh fiabhras, tinneas cinn agus crampaí bhoilg a bheith i measc na siomptóim eile, agus maireann an tinneas idir ceithre agus seacht lá de ghnáth.
Tá sé deimhnithe ag an Roinn Talmhaíochta go bhfuarthas salmonella in ocht dtréad (flocks) éanlaithe clóis (poultry).
Tuairiscíonn Nuacht RTÉ go bhfuil tús curtha cheana féin le cuid de na héanlaith chlóis atá buailte a mharú. Is sicín go príomha atá i gceist.
Dúirt an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara leis an gcraoltóir náisiúnta go bhfuil siad ag obair go dlúth leis an Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (Food Safety Authority of Ireland) agus an tSaotharlann Tagartha Náisiúnta do Salmonella (National Reference Laboratory for Salmonella) chun cúis na ráige a chinneadh, i roinnt réimsí éagsúla ag an an am céanna.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.