Agóid mór in aghaidh ionsaí ar campa agus ciníochais

31/01/2023

Bhí agóid mhór in aghaidh ciníochais aréir, i ndiaidh imeaglú (intimidation) ag campa imirceach do dhaoine gan dídean i mBaile Átha Cliath thar an deireadh seachtaine.

Líomhnaítear gur ionsaigh roinnt fear le madraí, agus iad armtha le hialtóga agus maidí baseball, an campa agus iad ag béicíl ar na daoine a bhí ann dul amach.

Bhí 15 puball sa champa in aice le Bóthar na hAbhann, Baile an Ásaighn (River Road, Ashtown), Baile Átha Cliath, agus bhí físeáin den suíomh á scaipeadh ar na meáin shóisialta le cúpla lá anuas.

Tá Gardaí ag fiosrú na heachtra. Labhair na hoifigigh le daoine a bhí i láthair agus ní raibh tuairisc ar ghortuithe.

Ashtown Protest 2 1168x681 1
An agóid i mBaile an Ásaighn (River Road, Ashtown),

Reáchtáladh agóid i mBaile an Ásaigh aréir chun imní faoi chiníochas a chur in iúl, agus tuairiscíodh gur fhreastail suas le 200 duine air.

Inné, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur chuir an eachtra imní air.

Dúirt sé le The Pat Kenny Show ar Newstalk: ‘Sílim go dteastaíonn imscrúdú iomlán ó na gardaí.’

Dúirt an tAire Lanpháirtíochta  Joe O’Brien go raibh ‘suaite’ agus ‘náire’ faoi na tuairiscí.

Dúirt sé le Raidió RTÉ: ‘Is cúis mhór imní é. D’oibrigh mé i réimse chearta na n-imirceach le breis is 20 bliain; Ní raibh mé riamh níos buartha faoi shábháilteacht agus shlándáil na n-imirceach sa tír ná mar atá mé anois.’

Dúirt an tUasal O’Brien cé go bhfuil an lóistín atá ar fáil d’Úcránaigh agus d’iarrthóirí tearmainn ‘thar a bheith teann’, is é an tuiscint atá aige ná nach raibh cosaint idirnáisiúnta á lorg ag na daoine ag an gcampa.

Dúirt TD an Chomhaontais Ghlais go gcaithfidh an Stát iarrachtaí a fheabhsú chun áiteanna cónaithe a thabhairt d’iarrthóirí tearmainn.

Ashtown Protest 3 1168x681 1
An agóid i mBaile an Ásaighn (River Road, Ashtown),

‘Tá oibleagáidí cearta daonna orainn nach mór dúinn a chomhlíonadh mar Stát. Tá sé tagtha chomh fada leis an staid inar gá dúinn tuilleadh áiteanna cónaithe  Stát a aimsiú agus a fháil agus smacht a fháil orainn féin chun ár ndualgais a chomhlíonadh,” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin go bhfuil gardaí ag déanamh monatóireachta ar ‘grúpa beag’ atá glórach ar líne faoin imirce, agus go gcaithfidh údaráis feabhas a chur ar eolas cruinn a chur ar fáil don phobal.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram