‘Cé mise, mar fhear geal meánaosta, chun cinneadh a dhéanamh ar cad is “racism” ann?’: Insíonn Emer O’Neill faoi leithscéal ‘cumhachtach’ a ghabh Tommy Tiernan

19/01/2023

D’inis Emer O’Neill gur ghlaoigh Tommy Tiernan uirthi chun a leithscéal a ghabháil an lá tar éis di shiúil amach as a seó, mar gheall ar jóc ciníoch (racism).

Chuaigh O’Neill ar Instagram chun gearán a dhéanamh faoin jóc a d’inis Tiernan le linn a seó, Tomfoolery, I Vicar Street, i mBaile Átha Cliath, ag tús na bliana.

Emer ONeill 1 480x672 2
Emer O’Neill

Ag an am, dúirt an iar-láithreoir ar an Home School Hub ar RTÉ go raibh an jóc maslach di agus ciníoch (racist).

Phostáil sí ar Instagram an jóc mar a dúirt Tiernan é: ‘Thosaigh a chéad joke den oíche díreach amach as an ngeata agus athinsím (le do thoil, má bhí tú ann freisin, ceartaigh mé má tá mé mícheart). ‘“Dúirt m’iníon liom nár cheart dom an jóc  seo a insint”, sos fada… “Bhí mé ag an zú an lá cheana agus mé ag féachaint ar na penguins, tá siad cosúil le mná rialta beaga ag siúl thart le paidrín. Ansin bhí na wolves chomh fíochmhar/láidir Éireannach, ansin chuamar go dtí an African Savannah agus ….. bhí sé lán de thiománaithe tacsaí! Ceart go leor, anois táim ag féachaint ar sheomra ina bhfuil aghaidheanna geala agus tá gach duine ag gáire agus mar sin ceapaim go bhfuil mé ceart go leor, ní jóc ciníoch a bhí ann”.’

Shúil réalta RTÉ amach as
gig Tommy Tiernan mar
gheall ar jóc a bhí ‘ciníoch’,
CLIC ANSEO

Ag labhairt di le Newstalk Breakfast Déardaoin an tseachtain seo, dúirt O’Neill go raibh roinnt daoine ag féachaint uirthi lena fháil amach conas a rachaidh sí i ngleic leis an magadh. Dúirt sí gur fhan sí tamall sular fhág sí an seó, mar go raibh eagla uirthi go ndéanfaí magadh uirthi.

‘Bhí an lucht féachana ar fad ag gáire agus bhí siad in “hysterics” leis an jóc… ach nuair nach gcuireann sé isteach ort, bogann tú ar aghaidh go dtí an chéad jóc eile agus déanann tú dearmad air,’ a dúirt sí.

Tar éis an gig, ghlaoigh Tiernan uirthi chun leithscéal a ghabháil, agus dúirt sé go raibh an ceart aici an méid a rinne sé a cháineadh.

Tommy Tiernan 1 480x672 1
Tommy Tiernan

‘Bhí ionadh orm gur shroich sé an chéim seo, ach dúirt sé, “Ar mhachnamh dom, cé mise, mar fhear geal, meánaosta, ag déanamh cinneadh ar cad é is ciníoch ann, agus cad nach bhfuil; cad atá maslach agus cad nach bhfuil do phobal nach bhfuil taithí ar bith agam ar i mo shaol?”

Ag labhairt di faoin gciníochas agus faoin gclaonadh, mhínigh O’Neill: ‘Tógann sé tamall fada ar dhaoine teacht chuig an áit cheart, agus an obair a dhéanamh chun iad féin a oiliúint chun é a thuiscint.

‘Níl taithí ag daoine geala ar an saol atá againn ó lá go lá agus ar an leithcheal (discrimination) a bhíonn orainn sa ghnáthshaol laethúil, ag siúl síos an tsráid, ag dul isteach i seomra nó ag cur isteach ar phost.’

Dúirt sí go raibh sé ‘an-chumhachtach’ ag Tiernan a leithscéal a ghabháil agus gur dúirt sé léi go ndéanfadh sé a dhícheall a chinntiú nach dtarlódh a leithéid arís.

Dúirt sí gur ghlac sí leis an leithscéal. ‘Braithim go raibh sé dáiríre faoi agus tá meas agam air,’ a dúirt sí.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram