Seachtain na ‘elimination’ ar Dancing with the Stars… agus na breithiúna faoi bhrú

Is í seo Seachtain a Trí de ‘Dancing with the Stars’ agus don chéad uair is iad na breithiúna a bheidh faoi bhrú.

Agus an chéad dhíchur (elimination) den seó ag teacht an deireadh seachtaine seo, beidh na damhsóirí neirbhíseach. agus ní bheidh lucht leanúna ag súil go mbeidh na breithiúna sásta ‘tóg go bog é’ lena chuid tuairimí.

Mar sin féin, tá cuid de na damhsóirí ag labhairt amach dóibh féin, agus tá tacaíocht á fáil acu sna meáin freisin.

Ina measc iad siúd a fuair an cáineadh is brúidiúil ó na breithiúna an tseachtain seo caite, bhí an t-aisteoir ó Derry Girls Leah O’Rourke agus a páirtí rince John Nolan.

Rinne siad a gcuid “American Smooth” go “This Will Be (An Everlasting Love)” le Natalie Cole.

dancing Leah.and JOhnpng
Leah agus John

Ach ní raibh an breitheamh míchlúiteach (notorious) diana, Brian Redmond, an-tógtha leis, agus chuaigh sé chomh fada le magadh a dhéanamh ar Leah. Dúirt sé go bhfuil sí ag feidhmiú ar Dancing with the Stars ní ar “stepping with the stars”. Níor chuaigh an trácht sin síos go maith i measc lucht leanúna na réalta teilifíse móréilimh. Agus níor chuaigh sé síos go maith le Seán Nolan ach an oiread.

Dúirt sé le Brian: ‘Tóg anáil dhomhain (deep breath). Níl ann ach an dara seachtain. Nílimid ach ag tosnú, a ghasúir.’

Agus fiú Arthur Gourounlian, a bhfuil níos mó tuisceana aige ar an mbrú a bhíonn ar dhamhsóirí de ghnáth, thug sé roinnt scór íseal.

Ach ní raibh an láithreoir teilifíse móréilimh Daithí Ó Sé Sásta leis sin.

Bhí clár na seachtaine seo caite de Dancing with the Stars cáinte ag lucht féachana mar go raibh na breithiúna, Arthur, Brian agus Lorraine Barry níos brúidiúla lena dtuairimí do na hiomaitheoirí ná mar is gnách.

Agus d’fhiafraigh Daithi d’Arthur cén fáth ar thug sé na scóranna ísle, ar an Today Show ar RTÉ a hAon.

dancejudgeArthur 1 2
Arthur Gourounlian

Agus Arthur in éineacht le Daithi agus Sinead Kennedy ar an seó, dúirt Daithí le hArthur go raibh a mhac, atá ocht mbliana d’aois, Micheal Óg, ina measc siúd a raibh díomá orthu oíche Dé Domhnaigh.

‘Bhí sé rud beag brónach gur thug tú cúpla ‘ceathair’. Dúirt sé “Níl sé sin cosúil le hArthur”,’ a dúirt Daithi le hArthur.

Mar fhreagra air sin, chuir Arthur a lámha thar a aghaidh faoi náire agus dúirt: ‘Tá brón orm.’

D’admhaigh fear céile Brian Dowling gur ‘bhraith sé tinn’ le linn an tseó, toisc go raibh sé ag tabhairt scóir ísle, ach dúirt sé nach bhféadfadh sé bréag a dhéanamh dó féin ná do na daoine cáiliúla.

Mhínigh sé: ‘Caithfidh mé a rá – mhothaigh mé tinn i mo bhroinn. Bhí sé chomh uafásach, ní raibh mé ag iarraidh é sin a dhéanamh. Ach ar an drochuair bhí orm mo jab a dhéanamh, agus ní raibh mé in ann dul abhaile agus smaoineamh go ndearna mé rud éigin nár cheart dom a dhéanamh.

‘Ní raibh mé in ann dul níos airde ná sin agus mharaigh sé go mór mé. Tá an-brón orm.’

Ag cosaint Arthur, agus b’fhéidir ag cuimhneamh ar dhuine éigin eile, dúirt Sinéad: ‘Ar a laghad tá tú brónach faoi, ní bhraithfeadh gach breitheamh brónach faoi.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram