900 garda breise ar na sráideanna tar éis oibrithe oifige a fhostú

16/01/2023

Cuireadh beagnach 900 garda ar ais ar na sráideanna tar éis sibhialtaigh (civilians) a thabhairt isteach chun obair oifige a dhéanamh.

Léiríonn figiúirí nua atá eisithe ag an nGarda Síochána gur cuireadh 877 oifigeach faoi dhualgais oibriúcháin ag deireadh mhí na Nollag, mar thoradh ar mhéadú ar earcú foirne an Gharda Síochána.

Tá an Rialtas ag cur le líon na sibhialtach atá ag obair i stáisiúin na nGardaí ar fud na tíre in iarracht tuilleadh gardaí a chur ar ais ar na sráideanna.

Le ceithre bliana anuas amháin tá ardú beagnach 600 tagtha ar líon na mball foirne atá á dtabhairt isteach chun cúram a dhéanamh ar dhualgais riaracháin.

Gardai feat 768x448 1

Tá breis agus 3,000 ball foirne sibhialta ag obair in éineacht le gardaí anois, sin 18% d’fhórsa saothair iomlán an Gharda Síochána.

Dar leis an Roinn Dlí agus Cirt: ‘Tá an méadú seo ar fhoireann an Gharda Síochána ag cinntiú nach bhfuil gardaí ag gabháil do dhualgais riaracháin agus theicniúla a d’fhéadfadh baill foirne Garda atá cáilithe é a dhéanamh.’

Cabhróidh sé freisin le dul i ngleic le bearnaí criticiúla cumais agus scileanna san eagraíocht i réimsí mar thacaíochtaí corparáideacha agus airgeadas.

Tá an beart chun níos mó oibrithe sibhialta a fhostú mar chuid de na moltaí a rinne an Coimisiún ar Thodhchaí na Póilíneachta (Commission on the Future of Policing).

Deir an Roinn go dtugann fostú oibrithe sibhialtacha deis dóibh a chinntiú go bhfuil ‘gardaí níos feiceálaí i bpobail. Agus é seo á sheachadadh, tá sibhialtacht ar cheann de na tionscadail tosaíochta atá á gcur chun cinn ag an nGarda Síochána de réir na spriocanna atá leagtha amach faoi ‘Seirbhís Póilíneachta don Todhchaí’.

Idir an dá linn, dheimhnigh an Garda Síochána go raibh 24 oifigeach nua, 18 fear agus seachtar ban, curtha faoi mhionn chun líon an fhórsa a mhéadú go dtí 14,157 garda.

Is iad na baill deiridh a chuir isteach ar an nGarda Síochána le linn fheachtas earcaíochta 2019 agus cuireann sé seo deireadh leis an bhfeachtas sin.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram