Tagann Neale Richmond TD de chuid Fhine Gael in ionad Damien English mar Aire Stáit

Tá Neale Richmond, TD de chuid Fhine Gael, le teacht in ionad Damien English mar Aire Stáit le freagracht as Gnóthaí Fostaíochta agus Miondíola.

Is TD do Bhaile Átha Cliath, Ráth an Dúin, é an tUasal Richmond.

D’éirigh an tUasal English as post maidin inné tar éis gur tugadh le fios gur chuir sé Comhairle Contae na Mí amú mar gheall ar cheist pleanála.

Ag labhairt dó i ndiaidh chinneadh na Comh-Aireachta, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur ‘polaiteoir agus parlaiminteoir thar a bheith cumasach é an tUasal Richmond’, agus go bhfuil ‘téarma iomlán sa Seanad’ curtha isteach aige cé go bhfuil sé ina TD céaduaire.

Neale Richmond
Neale Richmond

D’oibrigh an tUasal Richmond ‘go dlúth le tionscal na hÉireann chun ullmhú do Brexit agus chun déileáil lena thionchar ar soláthair earraí’, a dúirt an tUasal Varadkar.

Tá sé ina ionadaí tábhachtach don pháirtí agus bhí sé le feiceáil go minic ar chraoltóirí idirnáisiúnta chun Brexit agus Éire aontaithe a phlé.

Sular tháinig sé ina ionadaí tofa, d’oibrigh an tUasal Richmond mar Bhainisteoir Tionscadal do Ghluaiseacht na hEorpa Éireann, agus bhí poist aige san Oireachtas agus i bParlaimint na hEorpa araon.

D’éirí  iar-Aire Stáit sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta Damien English as mar gur theip air leas maoine (property interest) a fhógairt i gceart.

Theip air a chur in iúl do Chomhairle Contae na Mí faoi úinéireacht tí in 2008.

Chuir sé a chinneadh in iúl don Taoiseach oíche Dé Céadaoin, tar éis tuairiscí ar shuíomh gréasáin The Ditch.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram