D’íoc cáiníocóirí beagnach €35 billiún in ‘interest’ ar ‘bailout’ na drochbhainc

D’íoc cáiníocóirí beagnach €35 billiún in ús (interest) ar tarrtháil (bailout)  na drochbhainc atá imithe as feidhm, thuairiscigh an Irish Mail on Sunday an tseachtain seo.

Agus leanfaidh an Státchiste ag íoc na milliúin euro in ús, ar feadh dhá bhliain eile, as an Chorparáid Éireannach um Réiteach Banc (Irish Bank Resolution Corporation, IBRC), a bhí ina Bhanc Angla-Éireannach roimhe seo.

Tá sé seo in ainneoin gur admhaigh an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe go bhfuil an beagnach €35 billiún a infheistíodh cheana féin sa bhanc imithe den chuid is mó.

Tá an Státchiste fós ag íoc úis ar fhiacha (debts) Anglo, 14 bliana tar éis dó titim amach.

Mar chuid do tharrtháil an Stáit ar bhainc na tíre, íocadh níos mó ná €25 billiún d’airgead na gcáiníocóirí as Anglo. D’ardaigh an figiúr seo go €34.7 billiún tar éis d’ Anglo agus an Irish National Building Society (INBS) a bheith glactha isteach ag an IBRC.

Tá an IBRC le dúnadh in 2024, rud a chiallaíonn go leanfaidh cáiníocóirí ag íoc as billí úis ollmhóra an bhainc ar feadh dhá bhliain eile.

Agus dheimhnigh an tUasal Donohoe nach bhfaighidh an Stát ach beagán níos mó ná €1bn ar ais tar éis na ‘bainc zombie’ a shábháil.

bank moneyminimum w feat 768x448 1

‘Is costas caillte den chuid is mó í an infheistíocht in IBRC le luach €1.1 billiún aisghafa go dtí seo,’ a dúirt an tUasal Donohue.

Dúirt an tUasal Donohoe gurbh é an costas iomlán a bhain le cabhrú le na mbanc agus an IBRC ná €64.1 billiún. As seo, chuaigh €29.4 billiún chuig na bainc atá fós ann, AIB, Banc na hÉireann agus Permanent TSB.

Dheimhnigh sé, go dtí seo, go bhfuil €21.1 billiún den infheistíocht sna trí bhanc sin ag teach ar ais chugainn mar ‘disposals, investment income and liability guarantee fees’.

Dúirt an tUasal Donohoe freisin: ‘Mar chuid den ghníomhaíocht seo, tá an Stát tar éis fáil réidh leis a infheistíocht i BoI [Banc na hÉireann] go hiomlán.

‘Tá luach €5.4 billiún ar na hinfheistíochtaí eile in AIB agus PTSB faoi láthair, rud a fhágann easnamh de €2.9 billiún.’

Dheimhnigh an t-iar-Aire Airgeadais na figiúirí mar fhreagra ar cheisteanna parlaiminte ó Shinn Féin TD Pádraig Mac Lochlainn.

Ag labhairt dó ar na figiúirí, dúirt an TD as Dún na nGall: ‘Tá na páirtithe polaitíochta atá ag rialú sa Stát seo le 15 bliana anuas tar éis infheisteoirí eachtracha agus sealbhóirí bannaí a tarrtháil, as na billiúin euro, de bharr meargántachta (recklessness) na mbanc i rith ré an Tíogair Cheiltigh agus teip rialú an Stáit.’

Ag labhairt di ar na figiúirí, dúirt comhcheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta Catherine Murphy, atá ina leaschathaoirleach ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí (PAC): ‘Ceapann daoine gur rud é Angla-Éireannach atá imithe uainn, ach léiríonn na figiúirí seo fós nach bhfuil sé imithe.

‘Ba cheart dúinn cuimhneamh i gcónaí cén fáth a bhfuil ceann de na fiacha poiblí is mó ar domhan ag Éirinn. Ní scéal stairiúil é Anglo gan iarmhairt (consequence). Tá na fiacha fós ann, agus tá siad fós le híoc,’ a dúirt TD Chill Dara Thuaidh.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram