Tá €440m le híoc ag leanaí Sheáin Quinn de muintir na hÉireann – ach níor iocadh ach €5 milliún sa bhliain

05/12/2022

Tá beagnach leathbhilliún euro, atá le híoc ag cúigear leanaí Séan Quinn do cháiníocóirí na hÉireann, fós gan íoc.

Níor íocadh ach €5 milliún sa bhliain leis an Stát, in íocaíochtaí cíosa ó pháirc teicneolaíochta atá suite i ‘silicon valley’ na hIndia.

Bhí an pháirc ilmhilliún-euro faoi úinéireacht an teaghlaigh Quinn tráth, trí roinnt comhlachtaí idirnáisiúnta.

Ach tá sé deimhnithe ag foinsí, in ainneoin go bhfuarthas breithiúnas €440 milliún i gcoinne leanaí an fhir ghnó trí bliana ó shin, nach bhfuil aon cent íoctha ar ais leis an Stát fós.

Fuarthas breithiúnas de €88 milliún i gcoinne gach duine de chlann Quinn atá lonnaithe sa Chabhán, Seán Jr, Ciara, Colette, Aoife agus Brenda, tar éis cath dlí idir an teaghlach agus an Chorparáid Éireannach um Réiteach Banc (Irish Bank Resolution Corporation –  IBRC), ar a dtugtaí an Anglo Irish Bank roimhe sin.

Quinn Patricia
Seán Quinn lena bhean Patricia. Pic: RollingNews.ie

Dúirt foinse a bhfuil cur amach aici ar an bpróiseas: ‘Níor íocadh na breithiúnais i gcoinne gach páiste agus is dócha nach íocfar é.’

Ghlac an IBRC seilbh ar an Anglo Irish Bank tar éis an ‘drochbhanc’ a náisiúnú in 2009.

Thug clann Quinn cás dlí in 2011 i gcoinne an IBRC nuair a d’iarr an banc aisíoc de €2.89 billiún san iomlán, a thug an Anglo Irish Bank roimhe sin do ghrúpa comhlachtaí Quinn.

Úsáideadh €2.34 billiún de na hiasachtaí ollmhóra sin chun scaireanna (shares) a cheannach sa bhanc céanna, trí phróiseas ar a dtugtar conarthaí difríochta (Contracts for Difference – CFDs).

Is bealach é sin, le riosca mór, chun an stocmhargadh a imirt. Ciallaíonn sé go bhfuil tú ag gealltóireacht ar phraghas na scaire amach anseo, seachas ar a ráta margaidh reatha.

Quinn Country Sean Quinn 1 1 1
Sean Quinn

Ach nuair a thit praghas scaireanna (shares) na mbanc, tháinig sé chun solais go raibh scairsheilbh (shareholding) 25% faighte ag Quinn san Anglo Irish Bank trí CFDs.

De réir mar a thit praghas scaireanna an bhainc, lean Séan Quinn air ag méadú gealltóireachta air agus, mar thoradh air sin, thug an banc iasachtaí chun cabhrú le caillteanais Quinn a chlúdach.

Tugadh na hiasachtaí seo do comhlachtaí laistigh de ghrúpa gnó Quinn tar éis do leanaí an fhir ghnó ráthaíochtaí pearsanta a shíniú le haghaidh na n-iasachtaí.

Thug an clann cás dlí i gcoinne an banc, ag rá gur síníodh na doiciméid seo faoi thionchar míchuí a n-athar agus gan comhairle dlí neamhspleách.

Ach dúirt an banc go raibh iarracht déanta sócmhainní (assets), ar fiú €455 milliún iad, a bogadh ó ‘books’ an chomhlacht, ionas nach bhféadfadh siad an airgead a bhi le híoc a thabhairt ar ais.

Ar deireadh fuair an stát an pháirc teicneolaíochta atá suite i ‘silicon valley’ na hIndia.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram