Beidh réaltaí Laighean ar ais i gcoinne Gloucester Dé Sathairn, ach ní bheidh Sexton leo

09/01/2023

Táthar ag súil go gcuirfidh Laighean fáilte ar ais roimh go leor dá gcuid réalta idirnáisiúnta, roimh chluiche Chorn na Seaimpíní Heineken in aghaidh Gloucester Dé Sathairn, ach ní bheidh Johnny Sexton ar dhuine acu.

Lean Laighean ar aghaidh lena mbuanna gan sárú sa United Rugby Championship (URC), ag fáil an 12ú bua sa tsraith as a chéile, le bua crua in aghaidh na Ospreys in Swansea.

Bhí Andrew Porter, James Ryan, Josh van der Flier, Caelan Doris, Jamison GibsonPark, Garry Ringrose agus James Lowe ar fad ar scíthe, ach tiocfaidh siad ar ais isteach le bheith san roghnú an tseachtain seo.

Is cinnte nach mbeidh Sexton leo, ach níl aon imní ar Leo Cullen faoi sin. Agus ní shíleann sé nach mbeidh captaen na hÉireann réidh le haghaidh na babhtaí oscailte de na Sé Náisiún, tar éis do laoch na hÉireann, atá 37 bliain d’aois, dul faoi obráid ar ghortú cnámh leicne (cheekbone) le déanaí.

Johnny Sexton 2 1168x681 1
Johnny Sexton

‘Ní bheidh Johnny Sexton ag imirt an tseachtain seo. Nílimid ag caint ach ar sheachtainí, baineann sé le conas a shocraíonn sé agus conas a leigheasann sé,’ a dúirt príomh-chóitseálaí Laighean.

‘Is díobháil (injury) réasúnta beag é, tógfaidh sé roinnt seachtainí le leigheas, ach is cinnte go mbeidh an deireadh seachtaine seo chugainn ró-luath.

‘Shíl mé go raibh Harry Byrne go maith don chéad uair dó tosú den séasúr agus go raibh sé go maith ar feadh na 55 nóiméad a bhí sé ann.

Díoma ar Rowntree mar gheall
ar imeacht Ben Healy go Edinburgh.
Click anseo

‘Tháinig Ross Byrne air an páirc ansin, nuair nach raibh baint aige leis an cluiche an deireadh seachtaine roimhe sin, toisc gur imir Johnny.

‘Tá trí cinn d’Uimhir 10 éagsúla tosaithe againn sna trí chluiche dheireanacha a bhí againn, agus bhí sé mar an gcéanna leis an leathchúlaí clibirte (scrum half).’

Roghnóidh Laighean cuid de na himreoirí is fearr dá gcuid, chun tosaigh ar chéimeanna bua na hEorpa, in aghaidh fhoireann Gloucester a chaill 19-16 in aghaidh ceannairí Premiership Shasana, Saracens, Dé hAoine seo caite.

Bhí an bua ag Gloucester san RDS an mhí seo caite tar éis dóibh foireann lag a chur go Baile Átha Cliath, ach tá Cullen ag súil le dúshlán i bhfad níos deacra ar an deireadh seachtaine seo.

‘Dúshlán iomlán difriúil a bheidh ann dul go Kingsholm, cé go bhfuil cosúlachtaí áirithe ann,’ a dúirt sé.

‘Is foireann de chuid na Premiership iad, le béim láidir ar “set pieces”, cé go bhfuil béim níos mó ar Gloucester ar an “line-out” agus ar an “maul”.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram