Deir Andy Farrell go bhfuil ‘fadhb’ ag Éirinn roimh chluiche na Sé Náisiún in aghaidh na Breataine Bige

15/02/2024

Tá scuad thar a bheith cumasach ag Farrell ach beidh an Bhreatain Bheag níos déine ná mar a cheaptar agus an fhadhb a bheidh aige ná an fhoireann cheart a roghnú ar an lá

Tá roinnt fadhbanna ag Andy Farrell roimh chluiche tríú babhta na Sé Náisiún leis an mBreatain Bheag Dé Sathairn 24 Feabhra.

Sé athrú a bhí ar an bhfoireann a d’imir in aghaidh na hIodáile ach bhí cluiche éasca fós acu ina gcoinne Dé Domhnaigh seo caite.

Agus anois tá Tadhg Furlong, Tadhg Beirne, Peter O’Mahony, Bundee Aki agus Garry Ringrose réidh le teacht ar ais.

joe mac brother 2
Joe McCarthy lena thuismitheoirí Joe agus Paula, agus a dheartháir Andrew Pic: Harry Murphy/Sportsfile

Mar sin beidh jab crua ag Farrell ag piocadh na foirne is fearr le himirt i gcoinne fhoireann Warren Gatland ar 24 Feabhra.

Tá sé cruthaithe ag imreoirí ar nós James Ryan, Ryan Baird agus Robbie Henshaw go bhfuil áit tuillte acu chun tosaigh ar an gcéad chluiche ceannais eile i gceann coicíse.

‘Sin a theastaigh uainn, agus sin a ndéanaimid, tá muid in ann seans a thabhairt do dhaoine, mar mura bhfuil fadhb mar sin agat tá tú san áit mhícheart mar ghrúpa,’ a dúirt Farrell, tar éis d’Éirinn bua a fháil in aghaidh na hIodáile 36 go 0.

Dúirt sé go bhfuil cúpla fhadhb eile anois aige tar éis don fhoireann a d’imir in aghaidh na hIodáile imirt chomh maith sin.

‘Fáiltímid roimh sin agus mar an gcéanna leis an gcuid eile den scuad,’ ar seisean.

Beidh Éire ag súil le buachan in aghaidh na Breataine Bige, nach bhfuil aon chluiche buaite acu go fóill, agus mar sin sroichfidh siad Baile Átha Cliath mar na ‘underdogs’.

Bhí tús deacair ag foireann Gatland leis an gcomórtas, tar éis Albain agus Sasana an bua a fháil orthu.

Tá an Bhreatain Bheag ag dul trí thréimhse dheacair tar éis Chorn an Domhain ach creideann Farrell go fóill go mbeidh siad ina bhagairt thromchúiseach dúinn tar éis cath maith i Twickenham.

Dúirt Farrell gur chuir siad Sasana faoi bhrú.

‘Níl aon amhras orm ach go mbeidh go leor muiníne acu,’ a dúirt sé.

‘Tá cúpla seachtain eile le dul acu roimh chluiche an Aviva agus mar sin is cluiche an-chrua a bheidh ann dúinn.

‘Tá an comórtas díreach tosaithe dúinn anois. Tús maith a bhí ann ach beidh na cluichí móra ar fad ag teacht le chéile.’

Fadhb thromchúiseach a bheidh ann do Farrell na nascairí (locks)  a roghnú mar d’imir Joe McCarthy chomh maith sin i Marseille agus arís in aghaidh na nIodálach, agus bhí Ryan go maith tar éis teacht ar ais.

Beidh jab crua ag Farrell ag piocadh na foirne is fearr le himirt i gcoinne fhoireann Warren Gatland ar 24 Feabhra
Beidh jab crua ag Farrell ag piocadh na foirne is fearr le himirt i gcoinne fhoireann Warren Gatland ar 24 Feabhra

Bhí Beirne, idir an dá linn, i bhfeabhas agus léirigh Iain Henderson cé chomh láidir is atá sé nuair a tháinig sé den bhinse. Agus tá fáilte curtha ag Farrell roimh imreoirí cumasacha.

‘Anois tuigeann an ceathrar acu go bhfuil an ceathrar acu i bhfoirm an-mhaith,’ a dúirt sé.

‘Bhí James i gcónaí chun iarracht a dhéanamh pointe a chruthú, bhí Iain Henderson ar fheabhas, go hiomlán, as an mbinse le cúpla cluiche a rinne sé sin dúinn.

‘Tá Joe Mór ag dul ar aghaidh i gcónaí, bíodh a fhios agat, bhí Tadhg Beirne an-mhór an tseachtain seo caite agus mar sin tá an iomaíocht chuige sin díreach mar ba chóir.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: RUGBAÍ

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram