Brón ar bhás Gianluca Vialli, laoch na hIodáile, Juventus agus Chelsea, ag 58 bliain d’aois

Tá laoch na hIodáile, Juventus agus Chelsea, Gianluca Vialli, tar éis bháis. Ní raibh sé ach 58 bliain d’aois. Fuair ​​sé bás tar éis cath fada le hailse phaincréis (pancreatic cancer), d’fhógair Cónaidhm Peile na hIodáile (Italian Football Federation).

D’éirigh thar barr le Vialli mar bhainisteoir Chelsea tar éis a ghairm bheatha ag imirt peile. Diagnóisíodh é den chéad uair le hailse phaincréis in 2017, agus d’fhógair sé go raibh sé ceart go leor in 2020, tar éis cóireála (treatment) ag Ospidéal Ríoga Marsden i Londain.

vialli 1
Gianluca Vialli i 2019

Athdhiagnóiseadh an galar air in 2021 agus d’fhógair sé an mhí seo caite go raibh sé tar éis éirí as a ról mar cheannasaí ar thoscaireacht (delegation) fhoireann náisiúnta na hIodáile.

Thuairiscigh san nuachtán Iodálach, Corriere della Sera, roimh an Nollaig, gur thaistil a mháthair Maria Teresa, atá 87 bliain d’aois, agus a dheartháir Nino le bheith in éineacht le Vialli in ospidéal i Londain.

Le linn gairme imeartha 16 bliana san Iodáil, bhuaigh Vialli gach mórchorn a bhí á thairiscint, lena n-áirítear teidil Serie A le Sampdoria (1991) agus Juventus (1995), Sraith na Seaimpíní (Champions League) le Juventus i 1996, Corn UEFA agus Corn Buaiteoirí Chorn UEFA (UEFA Cup Winners’ Cup). Ba bhuaiteoir Coppa Italia ceithre huaire é freisin.

Vialli gianluca 480x672 1
Gianluca Vialli le Juventus i 1996. Pic: Alessandro Sabattini/Getty Images

Scóráil sé 16 cúl i 59 cluiche don Iodáil, bhí sé ag imirt i gCorn an Domhain i 1986 agus 1990 agus chabhraigh sé leis na Azzurri an tríú háit a bhaint amach, agus ba é a aistriú (transfer) £12.5milliún ó Sampdoria go Juventus i 1992 ná táille is mó riamh ag an t-ám.

Chuaigh Vialli isteach i Chelsea i 1996 agus chabhraigh sé leo Corn an FA a bhuachan ag deireadh a chéad séasúr sular threoraigh sé an club Londain chun glóire i gCorn na Sraithe (League Cup) agus i gCorn Buaiteoirí Chorn UEFA (UEFA Cup Winners’ Cup) araon mar imreoir-bhainisteoir an séasúr dár gcionn.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram