Ten Hag ar an mbealach amach as Man United?

14/12/2023

Beidh Manchester United ag iarraidh ar iar-bhainisteoir Chelsea dul i gceannas ar an bhfoireann nuair a cheannaíonn Rathcliffe an club, de réir Sky Sport

Dealraíonn sé go n-aontaíonn na feidhmeannaigh sinsearacha, a bheidh i gceannas ar Manchester United go luath, leis an lucht tacaíochta – agus tá siad ag iarraidh fáil réidh leis an mbainisteoir Erik ten Hag.

Ina theannta sin, ceaptar go bhfuil iar-bhainisteoir Chelsea, Graham Potter, ‘ard’ ar an liosta d’athsholáthraithe féideartha Erik ten Hag nuair a bheidh an billiúnaí Briotanach Jim Ratcliffe i gceannas ar Manchester United.

Tháinig iarbhainisteoir Ajax, ten Hag, mar bhainisteoir ar Man United i mí na Bealtaine anuraidh agus é i lár a dhara séasúr iomlán i gceannas.

Tháinig iarbhainisteoir Ajax, ten Hag, mar bhainisteoir ar Man United i mí na Bealtaine anuraidh
Tháinig iarbhainisteoir Ajax, ten Hag, mar bhainisteoir ar Man United i mí na Bealtaine anuraidh

Cé gur bhuaigh siad Corn na Sraithe leis mar bhainisteoir agus cháiligh siad do Shraith na Seaimpíní, tá an séasúr reatha an deacair dóibh.

Chuir seacht gcailliúint sa Premier League roimh shéasúr na Nollag fearg ar an lucht leanúna, agus an tseachtain seo tháinig deireadh lena seans i Sraith Seaimpíní na hEorpa nuair a bhuaigh Bayern München an cluiche ina gcoinne ag Old Trafford le bua 1-0.

Chiallaigh sé sin gur chríochnaigh United ag bun Ghrúpa A.

Is cosúil go bhfuil an iarracht fhada an club a dhíol ag teacht chun críche, agus is cosúil gur dócha go gceannóidh Ratcliffe an club, in éineacht le hinfheisteoirí eile.

Ceaptar go forleathan go bhfaighidh sé smacht ar Man United trí infheistíocht 25% sa chlub.

Thuairiscigh Sky Sports News, cé nach bhfuil aon phlean ag na húinéirí reatha, an teaghlach Glazer, fáil réidh le ten Hag, ba mhaith leis an bhfoireann a thabharfadh Ratcliffe isteach go mbeadh Potter ina bhainisteoir in ionad ten Hag.

Ba mhaith leis an bhfoireann a thabharfadh Rathcliffe isteach go mbeadh Graham Potter ina bhainisteoir in ionad ten Hag
Ba mhaith leis an bhfoireann a thabharfadh Rathcliffe isteach go mbeadh Graham Potter ina bhainisteoir in ionad ten Hag

Is é Rathcliffe bunaitheoir an chomhlachta ollmhór táirgthe ceimiceán INEOS, agus dúirt tuairisceoir Sky Rob Dorsett: ‘Is í an tuiscint atá agam ná go mbreithneoidh feidhmeannaigh nua INEOS Graham Potter don phost ag Old Trafford, a luaithe a bheidh an táthcheangal críochnaithe, má shocraíonn siad gur mhaith leo fail réidh le ten Hag.’

Imreoidh United i gcoinne Learpholl, a n-iomaitheoirí is mó ar an Domhnach, ag Anfield, agus má bhuann siad d’fhéadfadh an lucht tacaíochta a gcuid tuairimí diúltacha faoi ten Hag a laghdú.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram