Beifear ag súil go mbeidh laochra óga na hÉireann réidh don chluiche mór nuair a imreoidh Liverpool in aghaidh Chelsea i gcluiche ceannais Chorn Caraboa an mhí seo chugainn.
Tá an cosantóir Conor Bradley as Tír Eoghain á mholadh go hard as a luas agus a neart ag Jurgen Klopp.
Sa chluiche sa Phríomh-Shraith (Premier League) in aghaidh Bournmouth Dé Domhnaigh mhol Klopp Bradley as a dhearcadh ‘den scoth’ ag imirt peile.
Dúirt sé leis an BBC: ‘Ar fheabhas. Ionsaí maith i ndáiríre sa chluiche. Is peileadóir an-mhaith é, níor léirigh sé é an t-am ar fad inniu ach is peileadóir chomh maith é agus tá a dhearcadh thar barr.
‘Tá luas aige, tá gach rud a theastaíonn uait sa phost sin aige.’
Thairis sin, chabhraigh cúl báire Chorcaí, Caoimhin Kelleher, go mór le Liverpool an bua a fháil in aghaidh Chelsea nuair a d’imir an dá fhoireann ar a chéile i gcluiche ceannais Chorn Caraboa dhá bhliain ó shin, i 2022.
Nuair a chuaigh an cluiche sin go dtí ciceanna éirice (penalties) choinnigh scileanna cúl báire Chaoimhín Liverpool sa chluiche.
Ansin nuair a bhí imreoir ag teastáil chun dul sa bhearna bhalil agus cic éirice a ghlacadh, rinne Kelleher é. Thóg sé an cic éirice agus scóráil sé.
Anois creideann bainisteoir Liverpool Jurgen Klopp go mbeidh Chelsea ag iarraidh ‘an stair a chur ina gceart i gcluiche ceannais na míosa seo chugainn’.
Is é sin toisc go raibh Liverpool ag imirt in aghaidh Chelsea i gcluiche ceannais Chorn an FA dhá bhliain ó shin agus bhuaigh siad an cluiche sin freisin.
Creideann Klopp go mbeidh bainisteoir Chelsea, Mauricio Pochettino, faoi bhrú ollmhór an cluiche sin a bhuachan.
Dúirt bainisteoir Liverpool: ‘Cluiche mór a bheidh sé ach tá a fhios againn go léir go bhfuil sé in aghaidh Chelsea.
‘Beidh siad ag iarraidh an stair a chur ina gceart tar éis dúinn imirt faoi dhó dhá bhliain ó shin.’
Tá Liverpool isteach sa chluiche ceannais tar éis dóibh an bua a fháil 1-1 in aghaidh Fulham oíche Chéadaoin.
Bhí siad ag imirt as baile sa chluiche sin, ach ina gcéad chluiche i gcoinne Fulham, ag Anfield níos luaithe an mhí seo, bhí an bua ag Liverpool 2.1.
Agus díreach mar a léiríonn iar-imreoir CLG Conor Bradley cé chomh maith agus atá sé in áit an phríomhchosantóra Trent Alexander-Arnold, tá an t-iar-imreoir Luis Diaz ag cruthú cé chomh tábhachtach agus atá sé nuair atá Mo Salah as baile mar gheall ar dhualgais idirnáisiúnta na hÉigipte.
Scóráil Diaz an t-aon chúl a bhí ag Learpholl oíche Dé Céadaoin agus ina dhiaidh sin dúirt Klopp: Is imreoir iontach é agus níl aon cháineadh agam dó – ach ba mhaith liom dá mbeadh sé in ann an dara ceann a shocrú agus an tríú ceann a scóráil.
‘Tá an luas agus an chumhacht is féidir leis a ghiniúint, an teicníocht agus an meascán de sin thar barr agus mar sin táim thar a bheith sásta,’ a dúirt Klopp.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.