Tá sé ag éirí níos deacra fós teach a cheannach mar go bhfuil an phraghas ar teach beagnach ocht n-oiread níos airde ná an meán ioncam.
Tá sé níos deacra teach a cheannach anois ná mar a bhí deich mbliana ó shin.
Ba é €370,000 an praghas ar an ngnáth-theach a díoladh san fhómhar, sin 7.7 oiread an mheán ioncam de €48,000, de réir na tuarascála is déanaí ó Myhome.ie.
Deir Gníomhaireacht Tithíochta (Housing Agency) an Rialtais go mbeadh fiú an ráta cúig oiread an mheán ioncaim ró-dhaor.
Tá moill bheag ag teacht ar arduithe praghais, go príomha mar gheall ar roinnt arduithe ar rátaí úis ón mBanc Ceannais Eorpach (European Central Bank). Ciallaíonn sé seo cé go mb’fhéidir nach n-ardóidh praghas an tí, ach ardóidh costas morgáistí.
Tá tithe ag díol níos tapúla freisin anois ná mar a bhí siad ag díol le blianta. Dúirt an tuarascáil gur críochnaíodh díolacháin baile ar fud na tíre i 80 lá, ráta nach bhfacthas ó 2011 i leith.
Bheadh níos mó ná ceithre mhí caite, idir 2016-2021, ag ceannach teach. Léiríonn sé seo nach bhfuil mórán tithe ar fáil.
Tá faitíos ann freisin go gcruthófar deacrachtaí breise mar go bhfuil an Banc Ceannais ag maolú na rialacha um iasachtaí morgáiste – ag ligean do cheannaitheoirí céaduaire (first-time buyers) morgáiste ar cheithre oiread a dtuarastail – a d’fhéadfadh praghsanna tithe a ardú níos mó.
Ní féidir, fiú, le daoine ar thuarastail mhaith agus a bhfuil poist mhaithe acu teach a cheannach, a dúirt an feachtasóir tithíochta David Hall.
‘Tá na daoine seo ag íoc cíosa freisin agus mar sin tá sé deacair dóibh airgead a shábháil,’ a dúirt sé.
Dúirt urlabhraí tithíochta Shinn Féin Eoin Ó Broin: ‘Is í an fhadhb ná go léiríonn gach tuairisc go bhfuil praghsanna tithe ag ardú i gcónaí. Bhí roinnt plé ann maidir le cibé an gcuirfidh arduithe ar rátaí úis moilliú ar an ráta méadaithe. Ach tá ardú 5% nó 10% fós ina ardú suntasach ar phraghsanna tithe atá imithe ó smacht cheana féin.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.