

Tá sé in am deireadh a chur le scéim tithíochta an Rialtais mar níl sé ag obair de réir tuairiscí.Tá scéimeanna Rialtais a chuidíonn le daoine tithe a cheannach ‘go hiomlán briste’, agus tá cuid acu ag cur le praghsanna tithe, dar le hurlabhraí tithíochta Shinn Féin.
Taispeánann na figiúirí is déanaí nach bhfuil ag éirí leis an Roinn Tithíochta a spriocanna a bhaint amach maidir le scéimeanna cúnaimh a bunaíodh mar chuid den phlean ‘Tithíocht Do Chách’.

Bhí sé mar sprioc ag an rialtas 10,000 a chur ar fáil leis an Scéim Chíos De Réir Chostais (Cost Rental Scheme) agus Scéim Tithíochta Inacmhainne (Local Authority Affordable Purchase Scheme) idir 2022 agus 2024.
Cé nach bhfuil fáil ar na figiúirí don ráithe dheireanach i 2024, níor ceannaíodh ach 3,672 teach le cuidiú ó na scéimeanna seo idir 2022 agus Mí Mheán Fómhair 2024.
Níl an chuma ar an scéal go n-éireoidh leis an Rialtas spriocanna áirithe do scéimeanna eile a bhaint amach i mbliana ach oiread.
Bronnadh 1,449 Deontas Athchóirithe do Mhaoin Fholamh (Vacant Property Refurbishment Grants) go dtí seo, ach tá sé mar sprioc ag an rialtas go mbronnfar 4,000 de na deontais seo roimh dheireadh 2025.
Dúirt urlabhraí tithíochta Shinn Féin Eoin Ó Broin nach gceapann sé go bhfuil scéim eile – Scéim an Chéad Tí – in ann tithíocht ar phraghas réasúnta a chur ar fáil do dhaoine.
Dúirt sé: ‘Ligeann an scéim seo do dhaoine tithe príobháideacha rí-chostasacha a cheannach le cuidiú ón Stát.
‘Tá sé ar an bhfód le haghaidh trí bliana anois, agus níor éirigh leis an sprioc a bhaint amach gach bliain.’
Dúirt an Teachta Dála ó Bhaile Átha Cliath Thiar-Meán go bhfuil na spriocanna do na scéimeanna eile ‘i bhfad ró-íseal’ cé nár bhaineadh amach iad riamh – agus ní chuireann siad roinnt tithíochta ar phraghas réasúnta ar fáil a thuilleadh.
‘Sílim go bhfuil an dá scéim go hiomlán briste. Tá an Rialtas tar éis praiseach a dhéanamh den earnáil Chíos de réir Costais, agus caithfidh sé plean iomlán nua a chruthú.
‘Caithfear fáil réidh leis an Scéim Tithíochta Inacmhainne agus caithfear scéim iomlán nua a bhunú ina áit.
‘Níl mórán daoine ag fáil morgáistí ó na húdaráis áitiúla gach bliain, agus bíonn an méid airgid a bhíonn le fáil ar iasacht an-íseal chomh maith – níos lú ná €200,000 de ghnáth.’
Dúirt Ó Broin nach mbíonn aon duine i dteagmháil leis faoin scéim seo ach amháin daoine atá ag iarraidh teach a cheannach ón gcomhairle agus tá siad ina gcónaí ann cheana féin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.