D’admhaigh an Taoiseach Leo Varadkar go gcaithfidh an sprioc tithíochta a dhúbailt chun dul i ngleic leis an bhfadhb.
Ghlac s e leis go bhféadfadh suas le 60,000 teach nua a bheith ag teastáil gach bliain.
Mar sin féin léiríonn figiúirí na bliana seo caite nár cuireadh ach leath den líon sin ar fáil.
Tá an fhreasúra tar éis a chur ina leith ar cheannaire Fhine Gael go bhfuil sé ag déanamh ‘gaslighting’ ar an phobal; agus go bhfuil an méid atá le rá aige ina ‘admháil’ gur theip ar a phlean tithíochta.
Dúirt an tUasal Varadkar: ‘Sílim go gcaithfimid i bhfad níos mó a thógáil.
‘Is dócha go gcaithfimid 40,000, 50,000, 60,000 a thógáil sa bhliain.
‘Ciallaíonn sé sin níos mó tithíochta sóisialta, ciallaíonn sé nios mó cíos ar chostas. Ach, go háirithe, ciallaíonn sé go mbeadh níos mó tithíochta le ceannach ag daoine.
‘Sílim gur féidir linn 60,000 a dhéanamh sa bhliain.’
Bhí an Taoiseach ag labhairt leis an bpodchraoladh Crazy House Prices.
Dúirt sé: ‘Fiú trí mhéadú 5,000 nó 10,000 sa bhliain, sílim gur féidir linn é a bhaint amach.’
Dúirt sé: ‘Is é 30,000 an sprioc don bhliain seo. Déarfainn go bhfuil sé 35,000 an bhliain ina dhiaidh sin, 40,000 an bhliain ina dhiaidh sin, 45,000, 50,000.
‘Tá tú ag dul go dtí 60,000 faoi dheireadh na ndeich mbliana. Sílim go bhfuil sé sin indéanta.’
Tá sé measta ag oifigigh go bhfuil thart ar 50,000 teach nua ag teastáil gach bliain go dtí 2030. Ach tá sé sin i bhfad níos mó ná mar atá beartaithe ag na húdaráis.
Faoi phlean Tithíocht do Chách an Rialtais tá sé beartaithe 34,750 teach nua a thógáil ar an meán gach bliain thar naoi mbliana.
Agus ní thógfaidh siad níos mó ná 40,000 teach sa bhliain go dtí 2030, bliain dheireanach an phlean.
Dúirt urlabhraí tithíochta Shinn Féin Eoin Ó Broin gur admháil atá i bhfocail an Taoisigh gurt theip ar an phlean.
Dúirt sé leis an Irish Daily Mail: ‘Fiú má chomhlíon sé a chuid spriocanna níl sé chun a bheith maith go leor.’
Dúirt sé: ‘Is Varadkar clasaiceach é seo. Is cosúil nach bhfuil sé i gceannas ach i ndáiríre tá sé sa Rialtas le 12 bliain agus tá sé atra éis a bheith ina Thaoiseach faoi dhó anois.’
Dúirt an tUasal Ó Broin gur ‘cosúil le tráchtaire ar an gclaí (commentator on the sidelines)’ é an Taoiseach.
Dúirt sé: ‘Tá an chuma air nach air féin a bhí an locht nuair ba é an té a cheap (iar-aire) Eoghan Murphy ar an Roinn Tithíochta.
‘Tá go leor daoine a bhíonn ag éisteacht leis seo chun fiafraí de cén fáth a bhfuil an Taoiseach ag déanamh “gaslighting” orainn arís.’
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.