Cosnaíonn sé níos mó ná €27,000 sa bhliain anois teach nua a fháil ar cíos i mBaile Átha Cliath, agus is é an meánchíos ar fud na tíre ná €21,500.
Léiríonn an tuarascáil is déanaí ón suíomh Daft.ie gur tháinig ardú 2.4% ar an meán ar chíosanna sa dara ráithe (quarter) de 2023 i gcomparáid leis na chéad trí mhí den bhliain.
Tá an meánchíos míosúil ar fud na tíre ar €1,792 suas ó €1,387 sa chéad ráithe de 2020.
Fuair an tuarascáil difríocht shuntasach idir treochtaí i mBaile Átha Cliath agus lasmuigh den phríomhchathair sa dara ráithe.
I mBaile Átha Cliath, níor tháinig ardú ar chíosanna ach 0.3% in aghaidh na ráithe, ach tháinig méadú beagnach 8% ar cíos ar theach nua sa phríomhchathair ar bhonn bliantúil.
Tá cíosanna tithe nua i mBaile Átha Cliath thart ar €2,307 in aghaidh na míosa anois, nó thart ar €27,000 in aghaidh na bliana.
Dúirt Eoin Ó Broin, urlabhraí tithíochta Shinn Féin: ‘Léiríonn tuarascáil chíosa Daft.ie is déanaí go bhfuil meánchíosanna nua ar fud an Stáit ag ardú beagnach 11% le 12 mhí anuas.
‘Tá an meánchíos nua ar fud an stáit méadaithe 30% ó ceapadh Darragh O’Brien ina Aire Tithíochta in 2020 agus ardú 155% ó tháinig Leo Varadkar isteach sa Rialtas faoi Enda Kenny in 2011.
‘I 23 contae, bhí arduithe cíosa le bliain anuas i ndigit dúbailte le boilsciú cíosa (rent inflation) nua de 20% nó níos mó ag ocht gcontae.
‘Bhí na harduithe ab airde ag Ros Comáin, beagnach 23%.’
Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, ba é 4.3% an meánmhéadú idir Márta agus Meitheamh na bliana seo, an dara méadú ráithiúil is mó a taifeadadh lasmuigh den phríomhchathair ó cuireadh tús leis an tuarascáil in 2006.
Dúirt Daft.ie go raibh níos lú ná 1,200 teach ar fáil ar cíos ar fud na tíre ar an 1 Lúnasa.
Is é sin níos lú ná an tríú cuid den mhéid a bhí ar fáil go hiondúil sa tréimhse 2015-2019.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.