Tá imní ar lucht tacaíochta Leo Varadkar tar éis dó athruithe móra a dhéanamh maidir le hatheagar (reshuffle) na n-airí sóisearacha (junior ministers).
Dhiúltaigh TD tábhachtach amháin glacadh le hardú céime agus d’éirigh iar-aire sóisearach eile as poist iomráiteacha (measúil) san Oireachtas.
Tuigtear gur dhiúltaigh an t-iar-Leas-Phríomh-Aoire (Deputy Chief Whip) Brendan Griffin – a bhí ina Aire Sóisearach Spóirt freisin –ceapacháin do roinnt post Aire Sóisearach.
Agus d’éirigh iar-Phríomh-Aoire na Dála agus an tSeanaid Seán Kyne as a phoist ar fad san Oireachtas inné.
Bhí an bheirt fhear ina mbaill den ‘Five-Aside Club’, mar a thugtar air, grúpa Teachtaí Dála óga a bhí ag tacú le Varadkar thar na blianta, agus a chabhraigh leis sa deireadh a bheith tofa mar cheannaire Fhine Gael.
Tá roinnt iar-airí, a chaill poist faoin Uasal Varadkar, fós gníomhach sa pháirtí parlaiminte, ina measc Charlie Flanagan, Michael Creed agus Michael Ring.
‘Is mór an fás agus an t-uafás daoine a bhí tar éis an airde a bhaint amach agus nach bhfuil ag dul in áit ar bith faoi Leo Varadkar anois,’ a dúirt TD de chuid Fhine Gael. ‘Léiríonn an stair gur d’fhéadfadh fadhb a bheith mar thoradh air.’
Tuigtear go raibh an tUasal Griffin, a bhí ina Leas-Phríomh-Aoire go dtí an tseachtain seo caite, ag súil go ndéanfaí Príomh-Aoire dó. Is í Hildegarde Naughton a fuair an jab sin.
I ráiteas luaigh sé gealltanais teaghlaigh agus ghuigh sé ‘gach rath’ ar an Rialtas agus ar an Uasal Varadkar. Ghabh sé buíochas freisin leis as machnamh a dhéanamh air le haghaidh ról sa rialtas.
Dhearbhaigh an tUasal Kyne, iar-TD atá anois ina sheanadóir, go raibh sé ag éirí as i dteachtaireacht Whats-App do a chomhsheanadóirí.
Dúirt sé leis an Irish Daily Mail go raibh sé tar éis éirí as mar go raibh sé ag iarraidh ‘suíochán Dála a bhuachan an chéad uair eile, sin uile’.
Ach dúirt lucht tacaíochta Varadkar go bhfuil imní ann go bhféadfadh míshástacht a bheith ag bailiú thart ar an mbeirt fhear anois.
‘Bhí an-tionchar ag an mbeirt seo ar Leo a bheith ina Thaoiseach,’ a dúirt aire Fhine Gael.
‘Is cinneadh ollmhór é don bheirt fhear seasamh siar ó na poist seo anois.’
Is é Patrick O’Donovan, Teachta Dála de chuid Fhine Gael, as Luimneach, an Aire Sóisearach Gaeltachta nua. Tagann sé as Caisleán Nua.
Tá an tAire Straitéise Drugaí Frank Feighan agus an tAire Cúnaimh Thar Lear Colm Brophy araon tar éis an oifig a fhágáil. Agus tá beirt Teachtaí Dála de chuid Fhine Gael, Jennifer Carroll MacNeill agus Kieran O’Donnell, ardaithe ó na binsí cúil.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.