Dhá bhliain tar éis Golfgate, tá Seán O’Rourke ag filleadh ar RTÉ – agus beidh Phil Hogan, a chomhghleacaí Golfgate, in éineacht leis.
Ina chéad iarracht ar chraoltóireacht teilifíse ón gconspóid le linn na paindéime in 2020, cuirfidh an tUasal O’Rourke sraith dhá pháirt i láthair faoi pháirtithe an Chogaidh Chathartha (Civil War).
D’éirigh sé as Today With Seán O’Rourke ar RTÉ i mBealtaine 2020, tar éis dó an seó a óstáil ó 2013.
Cealaíodh filleadh ar chúrsaí craoltóireachta níos déanaí an bhliain sin tar éis don Uasal O’Rourke freastal ar dhinnéar Chumann Gailf an Oireachtais (Oireachtas Golf Society) ar an gClochán (Clifden), Co na Gaillimhe, le linn srianta dian Covid.
Mí Feabhra seo caite, chaith Cúirt Dúiche na Gaillimhe amach na cúisimh i gcoinne lucht eagraithe na hócáide, agus dúirt an chúirt nach raibh aon dlí briste acu.
Glacfaidh iar-aire Fhine Gael agus iarchoimisinéir an Aontais Eorpaigh Phil Hogan, a d’éirigh as i ndiaidh chonspóid Golfgate, páirt sna cláir.
Craolfar an tsraith, Two Tribes, thar dhá oíche as a chéile ar RTÉ One agus RTÉ Player an tseachtain seo chugainn, agus podchraoladh deich bpáirt ag dul leis.
Leanann sé an bóthar a chuaigh Fianna Fáil agus Fine Gael tar éis an Chogaidh Chathartha.
Chomh maith leis sin beidh an Tánaiste Leo Varadkar agus an Taoiseach Micheál Martin ann, in éineacht le hiar-thaoisigh Fhianna Fáil Brian Cowen agus Bertie Ahern, ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald, iarcheannaire an Progressive Democrat Mary Harney, iarcheannaire an Lucht Oibre Dick Spring, iar-aire airgeadais Fhianna Fáil Charlie McCreevy, iar-Thaoiseach Fhine Gael John Bruton, agus iarcheannaire Fhine Gael Alan Dukes.
Tá an caidreamh idir na páirtithe faoi chaibidil an tseachtain seo agus ceannaire Fhine Gael Leo Varadkar le bheith ag teacht mar Thaoiseach in a dhiadh ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin Dé Sathairn.
Céad bliain i ndiaidh Chogadh Cathartha na hÉireann, déanann Two Tribes measúnú ar na difríochtaí idir an dá pháirtí agus fiosraíonn sé conas a d’fhorbair siad le linn an 20ú haois.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.