Tá fear atá 23 bliain d’aois ciontach i ndúnmharú Cameron Reilly, déagóir a fuarthas marbh i bpáirc i nDún Léire, Co Lú i mí Bealtaine 2018.
Thug giúiré na Príomh-Chúirte Coiriúla, ar a raibh seachtar ban agus cúigear fear, breithiúnas (verdict) d’aon ghuth tráthnóna Déardaoin, ar an tríú lá de phlé an cháis.
Phléadáil Aaron Connolly, Baile Uilíoch, Droim Carna (Willistown, Drumcar), neamhchiontach i ndúnmharú Reilly, 18 bliain d’aois, i gCnoc na Seamróige, Dún Léire ar an 26 Bealtaine 2018.
Bhí an mac léinn Cameron Reilly amuigh lena chairde oíche an 25 Bealtaine, 2018, ag páirc díreach lasmuigh den bhaile.
Dúirt a chairde leis an triail gur bhailigh grúpa de thart ar 15 duine óg sa pháirc ar an oíche, agus gur ól siad alcól agus cannabas. Chuaigh an grúpa chuig ‘takeaway’ áitiúil chun bia a fháil go gairid tar éis meán oíche sular bhog siad amach ag 12.40am.
Fuair fear, a bhí amuigh ag siúl a mhadra, corp an déagóra ag Cnoc na Seamróige an mhaidin dár gcionn, 26 Bealtaine 2018.
Dúirt Paiteolaí Stáit (State Pathologist) Linda Mulligan leis an ngiúiré gurbh é cúis bháis Reilly ná ‘asphyxia’ de bharr brú seachtrach ar an muineál.
Le linn na trialach, chuala an chúirt go ndúirt Connolly, ina ráiteas tosaigh do ghardaí, go ndeachaigh sé féin agus Reilly i dtreonna difriúla ag deireadh na hoíche.
An tseachtain seo caite, dúirt dlíodóirí ar son Connolly leis an gcúirt go ndearna Connolly gnéas béil (oral sex) ar Reilly, agus nuair a d’imigh sé, bhí Reilly fós beo agus ina seasamh.
Ina chuid agallaimh leis na Gardaí, dúirt Connolly nach raibh sé in ann cuimhneamh ar a raibh ar siúl aige le linn ‘uair an chloig’, mar gur ghlac sé meascán de dhrugaí a chuir as dó.
Dúirt sé le gardaí go raibh dhá ghram cóicín agus leathghram MDMA tógtha aige.
Chuala an giúiré freisin gur shéan Connolly gur tharla aon rud gnéasach idir é féin agus Reilly agus dúirt sé leis na gardaí go raibh sé ‘straight’.
Dúirt an t-eolaí dlí-eolaíochta (forensic scientist), an Dochtúir Clara Boland, gur léirigh swab penile ar Reilly ‘human saliva’ a bhí ina mheascán de bheirt; ba le Reilly an mórshampla agus próifíl neamhiomlán a bhí sa mhionsampla a bhí ag teacht le DNA Connolly.
Thug Cairde Reilly fianaise don triail go raibh sé ráite ag an déagóir, go gairid roimh a bhás, go raibh sé déghnéasach (bisexual).
Chualathas fianaise sa triail dúnmharaithe freisin ó Jack Conway, a dúirt go raibh caidreamh gnéis aige féin agus ag Aaron Connolly roinnt uaireanta agus iad ina ndéagóirí.
Dúirt an tUasal Conway go ndéarfadh Aaron Connolly le daoine go raibh sé ‘straight’.
Dúirt Príomh-Phaiteolaí an Stáit, an Dr Linda Mulligan, le linn scrúdú iarbháis, go bhfuair sí amach go raibh na gortuithe ar Reilly ag teacht le ‘chokehold’.
Ghabh an Breitheamh Tony Hunt buíochas leis an ngiúiré as a gcuid oibre crua.
Dúirt sé: ‘Is cúrsaí thar a bheith deacair iad seo’, agus shaor sé iad ó dhualgas giúiré ar feadh 15 bliana. Bhí siad ag plé an cheist le 10 n-uaire agus 39 nóiméad.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.