Diúltaíonn Ronaldo oiliúint a dhéanamh leis na hionadaithe … agus deir an bainisteoir Santos go gcaithfear a ról a ‘sainmhíniú’

07/12/2022

Tá Cristiano Ronaldo i gconspóid eile tar éis don Phortaingéil an bua a fháil in aghaidh na hEilvéise i gcluiche nár ghlac sé mórán páirte ann.

Ní dhearna sé oiliúint le hionadaithe na Portaingéile Dé Céadaoin, mar ba cheart dó, ach chuaigh sé isteach leis na tosaithe le haghaidh seisiún giomnáisiam.

In a dhiadh sin dúirt bainisteoir na Portaingéile Fernando Santos go mbeidh air ‘sainmhíniú a dhéanamh air ról Ronaldo san fhoireann.

Nuair a nár thosaigh Ronaldo, 37 bliain d’aois, don chluiche in aghaidh na hEilvéise ba é an chéad uair a tharla sé sin ó 2008. Agus in a dhiaidh sin scóráil a ionadaí Goncalo Ramos trí chúl sa bua 6-1 in aghaidh na hEilvéise.

Agus tar éis don Phortaingéil an bua a fháil ba é Ronaldo an chéad imreoir síos an tollán agus a chomhpháirtithe fós ag ceiliúradh an bua suntasach.

ronaldoo
Ronaldo ar an mbinse

Tharla sé sin tar éis sraith conspóidí i Corn an Domhain dó.

Ceapadh go raibh cúl aige sa chluiche i gcoinne Uragua, ach bronnadh ar Bruno Fernandes é, tar éis den theicneolaíocht a thaispeáin nach ndearna Ronaldo teagmháil leis an liathróid.

Cuireadh an locht air freisin mar gheall ar cúl a fuair na Cóiré Theas i gcaillteanas 2-1 an tseachtain seo caite.
Rinneadh ionadú ar Ronaldo le linn an bhua sin agus thug Santos le fios in a dhiadh sin, go raibh sé míshásta le freagairt aisteach an tostóra.

‘Tá cúrsaí le réiteach taobh thiar de dhoirse dúnta. Tá siad réitithe. Cuir stop iomlán leis an caint faoi an ábhar seo, agus cuir an fócas iomlán ar an chluiche.
‘An bhfaca mé na híomhánna nuair a bhí Ronaldo “subbed”? Sea. Níor thaitin liom an méid a chonaic mé? Ní hea, níor thaitin sé liom,’ a dúirt Santos leis na meáin.

Ansin sa chluiche i gcoinne na hEilvéise, tháinig Ramos, imreoir óg atá 21 bliain d’aois, ar an pháirc Dé Máirt. Ba é an chéad uair dó imirt ar son a thír.

Agus fuair sé trí chúl i gcluiche a bhuaigh an Phortaingéil 6-1. Sa chluiche céanna, tháinig Ronaldo ar an páirc faoi dheireadh, agus fuair sé cúl ach níor ceadaigh é mar bhí sé as alt na himeartha (offside).

Agus tháinig níos mó conspóide chun cinn nuair nach ndearna Ronaldo oiliúint le hionadaithe na Portaingéile Dé Céadaoin, mar go áitigh sé ina ionad sin dul isteach sna tosaithe le haghaidh seisiún giomnáisiam, de réir tuairiscí sa Spáinn.

Ag labhairt dó tar éis an chluiche, mhaígh Santos go raibh ról Ronaldo don chuid eile den Chorn Domhanda ina rud nach mór a ‘sainmhíniú’.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram