Gabhadh Éireannach tar éis teacht ar ‘torso’ fear i mála taistil i mBarcelona

06/12/2022

Gabhadh Éireannach nuair a thángthas ar ‘chuid ‘torso’ de chorp fir taobh istigh de mhála taistil i gcoimeádán bruscair (rubbish container)  ar sráid i mBarcelona.

Ghabh póilíní an fear, atá 51 bliain d’aois, agus fear eile, ar Úcrán é.

Níl an tÉireannach ainmnithe don phobal go fóill. Tá sé athchurtha sa phríosún ar amhras go bhféadfadh sé dúnbhású a dhéanamh, tar éis dó dul os comhair breithimh i gcúirt dúnta.

Tá an dara fear scaoilte ar bhannaí.

Gearmánach ab é an t-íospartach (victim) dúnbhásaithe a d’éirigh leis na póilíní a aithint cé go bhfuil siad fós ag fanacht le torthaí tástálacha DNA, sular féidir leo a bheith 100 faoin gcéad cinnte dá chéannacht (identity).

Tuigtear go raibh sé ag ligean seomraí ar cíos don bheirt fhear a bhí i seilbh na bpóilíní.

Ní bhfuarthas ach ‘torso’ d’fhear taobh istigh den mhála taistil sa gcoimeádán bruscair, i lár Barcelona. Bhí sé in aice leis an árasán a bhí á ligean ar cíos, agus ar choirnéil sráide ar a dtugtar Avenida Roma agus Calle Casanova.

barcelonsSpanish Police

Tháinig na póilíní ar an bhfionnachtain uafásach (gruesome discovery) Dé Máirt seo caite ach níor tugadh chun na cúirte na daoine a bhí faoi amhras go dtí an tseachtain seo, tar éis iad a ngabhála Dé hAoine agus Dé Sathairn.

Creidtear gur tháinig bleachtairí ar fuil an íospartaigh ag an árasán le linn cuardaigh, chomh maith le fianaise a thug le fios go ndearnadh é a gearrtha in a bpíosa ag an seoladh.

Is é torso an íospartaigh an t-aon chuid dá chorp a fuarthas go dtí seo. Tá an t-íospartach ainmnithe mar Alex.

Gabhadh duine den bheirt fhear go déanach Dé hAoine agus an duine eile an lá dár gcionn, le tuairiscí áitiúla ag rá gur gabhadh é ag beáir tar éis dó teitheadh.

Tuigtear gur scaoileadh an fear ón Úcráin ar bhannaí mar gur tháinig na póilíní ar an gconclúid nach raibh sé ag an árasán nuair a fuair an t-íospartach bás agus nach raibh sé ina chónaí ann ach ar feadh tréimhse ghearr ama.

Deirtear go raibh ról ríthábhachtach ag ceamaraí CCTV i ngabháil an Éireannaigh, a raibh tuairisc air roimhe seo as cionta foréigneacha.

Ní raibh sé soiléir láithreach cá fhad a bhí sé ina chónaí sa Spáinn agus cad ba chúis leis an marú.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram