Tá an laoch sacair Pele aistrithe go cúram deireadh saoil in ospidéal, de réir tuairiscí

Tá an laoch peile Pele aistrithe go cúram maolaitheach (palliative care) san ospidéal, de réir tuairiscí sa Bhrasaíl.

Tuairiscíonn an tseirbhís nuachta Folha go bhfuil ceimiteiripe (chemotherapy) an iar-imreoir idirnáisiúnta don Bhrasaíle curtha ar fionraí, agus go bhfuil cinne á ndéanamh dó anois chun pian agus giorracht anála a mhaolú.

Tá sé 82 bliain d’aois.

Tá cóireáil á fháil aige le haghaidh ailse drólainne (colon cancer), tar éis dó dul faoi obráid chun siad (tumours) a bhaint amach i mí Mheán Fómhair 2021.

Tar éis tuairiscí gur tugadh Pele, a ceaptar gurb é an chéad sár-réalta domhanda sa pheil, ar ais san ospidéal bhí imní ar a lucht leanúna go raibh sé ag éirigh níos measa faoina shláinte.

Pele3
Pele i 1970 PIc: Alessandro Sabattini/Getty Images

Ach chuir a iníon Kely Nascimento nuashonrú ar na meáin shóisialta ag rá nach raibh aon ‘new dire prediction’ faighte acu.

Ar thráthnóna Déardaoin, cuireadh postáil ar chuntas Instagram Peile, a bhí ag déanamh iarracht aon imní mhór a mhaolú.

Scríobhadh sa phost: ‘A chairde, táim san ospidéal ag tabhairt mo chuairte míosúil.’ Bhí sé ceangailte le grianghraf de theachtaireacht mó ‘go- n-éirí leat go luath’ ar fhoirgnimh ag Corn an Domhain i Catar.

‘Is deas i gcónaí teachtaireachtaí dearfacha mar seo a fháil. Buíochas le Catar as an ómós seo, agus le gach duine a sheol gliondar maith chugam!’

Tháinig Pele ar an ardán domhanda agus é 17 mbliana d’aois ag Corn an Domhain 1958, ag cuidiú leis an mBrasaíl an chéad cheann dá gcúig rath a bhaint amach.

Chuir gortú isteach ar a chion i gcluiche ceannais 1962 agus 1966, ach d’fhill sé chun an Bhrasaíl a threorú chuig Meicsiceo i 1970 mar chuid den fhoireann a mheastar go forleathan mar an fhoireann idirnáisiúnta is mó riamh.

Go hoifigiúil, scóráil Pele 757 cúl i 831 cluiche le linn gairme glioscarnach ó 1957 go 1977, cé go maíonn club Santos go raibh a scór níos gaire do 1,000.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram