Tá an tUachtarán Juventus, Andrea Agnelli, agus an bord stiúrthóirí iomlán tar éis éirí as, i ndiaidh cruinniú urghnách ag club sinsearach na hIodáile.
Ceapadh Agnelli ina chathaoirleach ar an mbord stiúrthóirí in 2010. Ach anois tá an club faoi imscrúdú póilíní maidir le “salary manoeuvres” le linn na mblianta airgeadais idir 2019 agus 2021.
Is é Andrea an ceathrú Agnelli le dul i gceannas ar Juventus, tar éis a athar, a uncail agus a sheanathair.
Tá leas-uachtarán an chlub Serie A, Pavel Nedved atá ina iar-imreoir lár páirce don chlub, ina measc siúd atá ag éirí as.
D’iarr La Liga go gcuirfí “smachtbhannaí láithreacha” ar an gclub, agus seans go gcaithfear amach iad anois as Sraith na Seaimpíní.
Fuarthas Juventus ciontach as rialacha ‘Financial Fair Play’ a shárú i mí Mheán Fómhair, chomh maith le roinnt clubanna UEFA eile, ach fuair Juventus ceann de na fíneálacha is mó.
Ba é an chéad fhíneáil a bhí acu ná suim mhór arbh fhiú thart ar €20 milliún é. Mar shocrú, áfach, laghdaíodh é go dtí thart ar €3.5 milliún, a bhainfear de thuilleamh Eorpach an chlub.
Ceapfar bord nua sna míonna amach romhainn, agus fanfaidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin Maurizio Arrivabene ina ról ar feadh tréimhse eatramhach agus an bord nua á thabhairt le chéile.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.