Tá sé deimhnithe ag Celtic go bhfuil Brendan Rodgers ar ais mar bhainisteoir ar chonradh trí bliana.
D’fhág Rodgers, atá 50 bliain d’aois, Leicester, club Premier League Shasana, ag tús mhí Aibreáin agus tá sé ag filleadh ar an gclub, áit ar éirigh leis an bua faoi thrí i gcluichí baile (domestic trebles) a fháil dhá uair as a chéile, sular imigh sé in 2019.
Tagann sé in ionad Ange Postecoglou, a chuaigh go Tottenham Hotspur tar éis dó an bua faoi thrí a fháil do Celtic an séasúr seo.
Agus tá John Kennedy, a bhí á iarraidh ag Postecoglou ag Spurs, ag fanacht ag Celtic le bheith ag obair mar chúntóir Rodgers.
Bhí na cainteanna ar súil ar feadh tamall mar bhí Rodgers ag iarraidh a chinntiú go mbeidh infheistíocht agus infrastruchtúr ann chun an club a bhrú chun airde sa pheil Eorpach sna blianta amach romhainn.
Bhí cainteanna aige leis an bpríomhfheidhmeannach Michael Nicholson agus an stiúrthóir airgeadais Chris McKay agus labhair sé go fada leis an úinéir Éireannach Dermot Desmond ar fhilleadh go Glaschú.
Aithníodh Rodgers mar iarrthóir iontach mar gheall ar a pheil fhairsing (expansive).
Tá Celtic in áit i bhfad níos sláintiúla ná mar a bhí siad nuair a ghlac sé seilbh ar an chlub ar dtús, agus imreoirí réalta ar nós Kyogo, Jota agus Hatete aige anois.
Ach beidh air imreoirí den sórt sin a choinneáil má tá Celtic chun imirt i Sraith na Seaimpíní.
De réir tuairiscí, tá Celtic toilteanach Rodgers a dhéanamh mar an bainisteoir is airde pá i stair peile na hAlban ar an mbonn gur féidir leis sárobair Postecoglou a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile.
Nuair a d’fhág sé Celtic in 2019, thug sé le fios gur mhaith leis filleadh ar Ghlaschú.
CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Seans fós againn a deir Kenny agus McClean
Dúirt sé: ‘B’fhéidir go dtiocfaidh an dúshlán sin amach anseo agus ní bheadh leisce ar bith orm dul ar ais.’
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.