Dúirt bainisteoir fhoireann ban na Palaistíne, Deema Said, gur féidir leis an chluiche chairdiúil stairiúil i mBaile Átha Cliath, in aghaidh Bohemians i bPáirc Dalymount, a bheith mar phointe tosaigh don fhoireann.
D’fhreastail na mílte ar an gcluiche, a bhí díolta amach le roinnt laethanta roimh ré, ina measc an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn agus ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald.
Ba é seo an chéad chluiche ag foireann na Palaistíne san Eoraip agus thug Bohemians cuireadh dóibh mar ghníomh dlúthpháirtíochta le muintir na Palaistíne, agus chun airgead a bhailiú le haghaidh iarrachtaí daonnúla sa réigiún.
Thug bainisteoir Said cuntas ar chuid de na dúshláin agus de na deacrachtaí a bhí roimh fhoireann na Palaistíne agus iad ag ullmhú dá gcéad chluiche ar thalamh na hEorpa.
‘Bhí sé deacair i gcónaí, tá gach rud do na Palaistínigh casta,’ a mhínigh sí.
‘Tá fadhbanna againn maidir le seisiúin traenála a phleanáil, imreoirí a fháil le chéile, gluaiseacht, ní fhéadfadh roinnt dár n-imreoirí an cluiche seo a bhaint amach, cé gur cheart mar lúthchleasaithe iad a chosaint faoin dlí idirnáisiúnta.’
Chuir Said deireadh le gairm 14 bliana at imirt leis an bPalaistín anuraidh, agus chuir FA na Palaistíne í isteach mar bhainisteoir na foirne.
Dúirt sí go bhfuil a cuid imreoirí ag iarraidh an ócáid a chomóradh tríd an bua a fháil ar Bohemians.
Ach dúirt sí freisin: ‘Tá an cluiche seo i bhfad níos tábhachtaí ná peil.
‘Le bheith anseo cuireann tú teachtaireacht go bhfanfaimid agus go ndéanfaimid ionadaíocht ar an bPalaistín ar gach bealach.
‘Is stair í an chluiche seo do na Palaistínigh, ní hamháin d’imreoirí baineanna ach dár gcónaidhm (federation).’
Dúirt sí go bhfuil na céadta lúthchleasaí faoi bhagairt i nGaza, go bhfuil cuid eile sa Bhruach Thiar coinnithe sa phríosún, go bhfuil a ngéaga caillte acu agus gur chaill siad a n-aislingí faoi spóirt a imirt.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.