Déan dearmad ar Alzheimer! Cuirfidh druga radacach nua deireadh leis, a deir na heolaithe

30/11/2022

Tá druga nua a cuireann moill (slow down) ar cailliúint chuimhne (memory loss) molta mar ‘tús an deireadh’ do Alzheimer’s.

Tá an druga, ar a dtugtar Lecanemab, i dtástáil i gCéim a Trí faoi láthair.

Tá sé deartha chun amyloid a ghlanadh, sé sin ceann de na próitéiní a fhásann in inchinní daoine a bhfuil Alzheimer orthu. Fuarthas amach go bhfuil an druga ag moilliú ar an meath (decline) ar chuimhne othair (patients) agus ar an gcumas smaoineamh.

Moillíonn an druga an meath i gcuimhne agus an cumas chun smaoineamh atá ag daoine.

I dtriail a rinneadh do Eisai, cuideachta chógaisíochta atá bunaithe i dTóiceo a chuaigh i gcomhpháirtíocht le saotharlann SAM Biogen, fuarthas amach i dtriail ar 1,795 othar a raibh Alzheimer orthu, gur chuir an druga moill 27% ar dhul chun cinn an ghalair i gcomparáid le hothair a tugadh phlaicéabó dóibh.

alzheimers 2
Pic: TEK IMAGE/SCIENCE PHOTO LIBRARY/Getty Images

‘Céad chéim thábhachtach is ea an triail seo, agus creidim go fírinneach gurb ionann é agus tús an deireadh,’ a dúirt an tOllamh John Hardy, ceannaire grúpa ag an Dementia Research Institute i University College London. ‘Tá an teoiric amyloid thart ar feadh 30 bliain agus mar sin tá sé seo i bhfad ag teacht.

‘Tá sé iontach an deimhniú seo a fháil go bhfuil muid ar an mbóthar ceart. Léiríonn na torthaí seo go diongbháilte, den chéad uair, an nasc idir amyloid a bhaint, agus dul chun cinn an ghalair Alzheimer a mhoilliú.

‘Is í an chéad chéim an chéim is deacra, agus tá a fhios againn anois go díreach cad is gá dúinn a dhéanamh chun drugaí éifeachtacha a fhorbairt. Tá sé spreagúil a cheapadh go dtiocfaidh forbairt ar obair amach anseo as seo, agus go luath beidh cóireálacha (treatments) againn a athróidh an saol chun dul i ngleic leis an ngalar seo.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram