Ollscoil na Gaillimhe i gceannas ar tionscadal nua a chabhróidh le daoine dalla ar fud na hEorpa

07/07/2023

Tá tionscadal nua in Ollscoil na Gaillimhe a chabhróidh le leathmhilliún duine ar fud na hEorpa atá dall nó a bhfuil lagú radhairc (visually impaired) orthu.

Beidh na saineolaithe leighis agus na heolaithe faoi stiúir an Ollaimh Thomas Ritter ó Ollscoil na Gaillimhe.

Déanfaidh said cóireálacha (treatments) nua a thástáil do ghalair neamhchoitianta súl (rare eye diseases).

Tá suas le 30 milliún duine san Eoraip ag fulaingt ó dhaille agus lagú radhairc.

Ollscoil na Gaillimhe
Beidh na saineolaithe leighis agus na heolaithe faoi stiúir an Ollaimh Thomas Ritter ó Ollscoil na Gaillimhe

Tá go leor de na galair neamhchoitianta a ndírítear orthu ar leanaí agus ar dhaoine fásta óga go príomha.

Bíonn tionchar acu freisin ar dhaoine fásta agus ar an daonra atá ag dul in aois.

Mar sin féin tá an bealach a gcaitear leo faoi láthair costasach, níl siad ró-éifeachtach agus is féidir fo-iarmhairtí suntasacha (significant side effects) a bheith acu.

Beidh Ollscoil na Gaillimhe chun tosaigh leis an cuibhreannas (consortium) seo de 10 gcomhpháirtí acadúla, cliniciúla agus fiontair (enterprise) Eorpacha a threorú i gcuibhreannas nua dar teideal Restore Vision.

Meastar go mbeidh tionchar ag an cuibhreannas Restore Vision ar níos mó ná 500,000 duine.

Díreoidh siad ar sheacht ngalar súl neamhchoitianta. Cé gur galair éagsúla iad go léir tá comhainmneoirí (common denominators) ag go leor acu agus déileálfaidh siad leo siúd a bhfuil cóireálacha nua acu agus drugaí atá ar fáil cheana féin dóibh.

Ar an mbealach sin tá súil acu teiripí nua athshlánaithe radharc a fháil.

Is é an tOllamh le Leigheas i gColáiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe, (College of Medicine, Nursing and Health Sciences at the University of Galway) Thomas Ritter, atá i gceannas ar an gcuibhreannas.

Is imscrúdaitheoir é atá maoinithe ag Science Foundation Ireland ag ionad taighde feistí leighis na Gaillimhe, CÚRAM.

Tá sé cinn d’institiúidí i gceist leis an tionscadal: Ollscoil na Gaillimhe; Ollscoil Linköping, an tSualainn; Ospedale San Raffaele, an Iodáil; Universidad Miguel Hernandez De Elche, an Spáinn; INSERM, an Fhrainc; agus Ospidéal na hOllscoile Köln, an Ghearmáin.

Tá trí chuideachta Eorpacha ina gcomhpháirtithe fiontair sa tionscadal – Cell2Cure, an Danmhairg; Laboratoires KÔL, an Fhrainc; agus Catalyze, an Ísiltír.


Spread the word/Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram