Othair fágtha i bpian, agus an córas poiblí le fiaclóirí ‘ag titim as a chéile’

02/01/2023

Tá othair ar fud na tíre ag fulaingt i bpian mar nach féidir leo cóireáil a fháil le fiaclóirí a thuilleadh.

Rinne bean amháin teagmháil le gach fiaclóir i dtrí chontae agus ní raibh sí fós in ann cóireáil a fháil chun a pian a mhaolú, a dúirt TD sinsearach.

Is í an fhadhb atá ann ná go bhfuil an córas fiaclóireachta poiblí ag ‘titim as a chéile’ mar go bhfuil fiaclóirí ag fágáil na scéimeanna cártaí leighis, de réir foláireamh tugtha ag Teachtaí Dála.

Deir príomhfheidhmeannach Chumann Fiaclóireachta na hÉireann (Irish Dental Association), Fintan Hourihan, go bhfuil ‘ar éigean 600’ sa scéim anois, i gcomparáid le 1,600 in 2012.

‘Tá sé tar éis titim as a chéile le cúpla bliain anuas,’ a dúirt sé leis an Irish Daily Mail.

Soláthraíonn Scéim na Seirbhísí Cóireála Fiaclóireachta (Dental Treatment Services Scheme, DTSS) cóireáil do daopine fásta le cártaí leighis.

denis naughten 768x448 1
Denis Naughten

Tá eagla ar Theachtaí Dála ar fud na tíre anois go bhfuil othair ag fulaingt mar gheall ar dheacracht teacht ar chóireáil faoin scéim seo.

Dúirt an tUasal Hourihan nach bhfuil othair in ann cóireáil a fháil ó fhiaclóirí a thug cóireáil dóibh roimhe seo.

Caithfidh siad taisteal níos faide chun coinne a fháil agus caithfidh siad fanacht níos faide.

Dúirt Denis Naughten, TD Ros Comáin-Gaillimh: ‘Tá othar cárta leighis amháin a chuaigh i dteagmháil liom an tseachtain seo.

dentist

‘Chuaigh sí i dteagmháil le gach fiaclóir i gContae Ros Comáin, i gContae Mhaigh Eo agus i gContae Liatroma. Ní fhéadfadh sí teacht ar aon duine chun obair fiaclóireachta a dhéanamh di faoi scéim na gcártaí leighis,’ a dúirt sé le Newstalk.

‘Tá an córas tríd is tríd ag titim as a chéile.’

I ráiteas, dúirt an Grúpa Réigiúnach TDanna Neamhspleácha: ‘Gach seachtain téann othair ar fud na tíre i dteagmháil linn ag rá nach féidir leo cúram fiaclóireachta a fháil, in ainneoin go bhfuil cárta leighis acu, mar go bhfuil fiaclóirí tarraingthe siar ón Scéim Fiaclóireachta.

‘Ní féidir leis na daoine seo, atá ag brath ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh chun freastal ar a gcuid riachtanas ó lá go lá, íoc as fiaclóir.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram