

Cad a déarfá dá n-inseodh muid duit go bhfuil ceann de na substaintí is neamhghnáiche ar domhan ar cheann de na substaintí is mó a bhfuil cur amach orthu freisin?
Ó rúndiamhra dhoimhneacht na n-aigéan go dtí an t-uisce a ritheann trínár sconnaí, tá Seachtain na hEolaíochta 2026, an ceiliúradh is mó ar an eolaíocht in Éirinn, ag tumadh isteach i gceann de na hábhair is spéisiúla ar an bpláinéad i mí na Samhna seo… UISCE.
Beidh an fhéile ar siúl ón 8 go dtí an 15 Samhain, agus tugann ceiliúradh náisiúnta na heolaíochta cuireadh do dhaoine de gach aois téama na bliana, Uisce: Ó Mhóilín go hAigéan, a fhiosrú.

Is cinnte gur turas thar a bheith spéisiúil a bheidh ann, ina bhféachfar ní hamháin ar an eolaíocht atá mar chuid dár saol laethúil, ach ina bhfiosrófar freisin an tionchar a bhíonn ag an mbunchloch riachtanach seo den bheatha ar bheagnach gach rud a dhéanaimid.
Is é Taighde Eireann a chuireann Seachtain na hEolaíochta ar fáil, agus tugann sí na céadta imeacht chuig pobail ar fud na tíre gach mí na Samhna. Más tuismitheoir le páiste fiosrach thú, más díograiseoir eolaíochta thú, más duine thú a smaoiníonn go cruthaitheach nó más breá leat rud éigin nua a fhoghlaim, tá saol lán d’fhionnachtana ag fanacht le cách – ní le díograiseoirí na heolaíochta amháin!
Ón mbáisteach a athlíonann ár dtaiscumair go dtí tonnta ollmhóra an Atlantaigh ag briseadh in aghaidh ár gcósta, b’fhéidir go gceapfá gur rud simplí é an t-uisce, ach tá a scéal i bhfad ó bheith simplí.
Tá breis agus 7,500 km de chósta ar ár n-oileán, chomh maith le haibhneacha, lochanna, portaigh agus bogaigh… Bhí tionchar ag an uisce ar na chéad lonnaitheoirí, chuir sé ar chumas daoine trádáil agus taisteal a dhéanamh, chothaigh sé pobail agus spreag sé cuid de na miotais agus na finscéalta is ansa linn, amhail Bradán an Eolais agus Clann Lir.
Tá eolaithe ar fud na hÉireann ag fiosrú an uisce ina chuid foirmeacha uile, agus ag fáil amach faoi na bealaí iontacha ina gceanglaíonn sé ár dtimpeallacht nádúrtha, ár sláinte, ár bpobail agus ár dtodhchaí le chéile.

Osclaíonn téama na bliana seo an doras ar roinnt réimsí fíorspéisiúla fiosrúcháin, agus an bhithéagsúlacht ar cheann acu. Is é an t-uisce cuisle na n-éiceachóras, agus cuireann sé gnáthóga ar fáil do gach cineál créatúir, ó orgánaigh bheaga fionnuisce go mamaigh mhara iontacha.
Tacaíonn aibhneacha, bogaigh agus aigéin shláintiúla le héagsúlacht dochreidte beatha, agus tá eolaithe ag obair chun tuiscint níos fearr a fháil ar conas na timpeallachtaí leochaileacha seo a chosaint.

Ansin tá an aeráid ann. Tá ról lárnach ag an uisce i gcóras aeráide an Domhain, agus bíonn tionchar aige ar phatrúin aimsire, rialaíonn sé teochtaí agus múnlaíonn sé ár gcóstaí.
Ó leibhéil na farraige atá ag ardú go patrúin báistí atá ag athrú agus eachtraí adhaimsire, tá sé ríthábhachtach an gaol idir an t-uisce agus an aeráid a thuiscint chun todhchaí níos athléimní a chruthú.

Tá an t-uisce bunriachtanach do shláinte an duine freisin. Braitheann ár gcoirp air, agus tá rochtain ar uisce glan agus ar shláinteachas maith ríthábhachtach chun galair a chosc agus chun tacú le pobail shláintiúla.
Cuidíonn an eolaíocht linn tuiscint a fháil ar an gcaoi a ndéantar monatóireacht ar cháilíocht an uisce, ar na bealaí ar féidir dul i ngleic le truailliú agus ar an bhfáth nár cheart dúinn glacadh le soláthairtí sábháilte uisce mar rud atá cinnte i gcónaí.

Agus ar deireadh, tá fuinneamh ann. Tá acmhainneacht ollmhór ag an uisce maidir le fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint, acmhainní a chaomhnú agus bealaí maireachtála níos inbhuanaithe a fhorbairt.
Ó hidreachumhacht go cuir chuige nuálacha i leith bainistíochta uisce, tá taighdeoirí ag fiosrú conas is fearr is féidir linn leas a bhaint as an acmhainn iontach seo.

Is é an bealach is fearr chun taithí a fháil ar Sheachtain na hEolaíochta ná páirt a ghlacadh inti, agus tá roinnt imeachtaí iontacha ar an gclár cheana féin.
Mar shampla, i Loch Garman, tá Seal Rescue Ireland ag tabhairt cuireadh do chuairteoirí léargas a fháil ar obair an ionaid trí thurais oideachasúla saor in aisce ar an 14 agus an 15 Samhain.
Deis iontach atá ann chun tumadh isteach i saol na rónta, in eolaíocht na mara agus i gcaomhnú na n-aigéan, agus fáil amach faoin gcaoi a gcuidíonn taighde le coileáin rónta a tharrtháil agus a athshlánú, agus le fiadhúlra muirí na hÉireann a chosaint.
Dóibh siúd ar fearr leo taiscéalaíocht a dhéanamh de shiúl na gcos, cuireann Siúlóid Uisce Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) turas féintreoraithe fíorspéisiúil ar fáil ar champais Ghlas Naíon, Choláiste Phádraig agus na Naomh Uile, áit ar féidir le cuairteoirí sruthchúrsaí ceilte, tírdhreacha áitiúla agus deich mbliana de thaighde uisce in DCU a aimsiú – agus tá sé saor in aisce!
B’fhéidir gur mhaith leat gáire beag a dhéanamh – agus beagán eolaíochta mar chuid de? Bí réidh le haghaidh oíche thar a bheith neamhghnách ina dtagann an eolaíocht agus an greann le chéile, agus an fear grinn Sean Marshall agus painéal aíonna speisialta ag cur an lucht féachana ag gáire, ag roinnt fíricí spéisiúla agus ag cur alltacht ort le roinnt iontas!

Bí ag súil le ceisteanna neamhghnácha, fionnachtana gan choinne agus léargas úrnua ar an domhan mórthimpeall orainn, agus neart grinn ag gabháil leo. Cé a dúirt nach mbíonn i gceist leis an eolaíocht ach cótaí saotharlainne agus aghaidheanna dáiríre?
Níl iontu seo ach blaiseadh beag de na himeachtaí atá ar siúl ar fud na tíre – tá an oiread sin imeachtaí eile le súil a chaitheamh orthu ar scienceweek.ie.

Ní sna saotharlanna ná sna hallaí léachta ollscoile amháin a bhíonn an eolaíocht ar siúl. Tá sí sa bháisteach taobh amuigh de d’fhuinneog, sa ghloine uisce ar bhord do chistine, ar an trá a dtugann tú cuairt uirthi ag an deireadh seachtaine agus sna haibhneacha agus sna lochanna a mhúnlaíonn ár bpobail.
Sin é an rud a fhágann go bhfuil Seachtain na hEolaíochta chomh speisialta sin: tugann sí smaointe móra chun beatha ar bhealaí ar féidir le cách taitneamh a bhaint astu. Ní gá céim san eolaíocht, saineolas ná fiú suim ar leith san ábhar a bheith agat chun páirt a ghlacadh.

Níl uait ach beagán fiosrachta agus fonn rud éigin nua a aimsiú.
Beidh Seachtain na hEolaíochta 2026 ar siúl ón 8 go dtí an 15 Samhain. Chun an clár iomlán a fhiosrú, imeachtaí a aimsiú in aice leat agus fáil amach conas is féidir leat páirt a ghlacadh, tabhair cuairt ar scienceweek.ie.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.