

Bhuaigh foireann ó DhlíChumann na hÉireann an phríomhdhuais i gCraobh Bhréagchúirt Uí Dhálaigh 2026, a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath Dé hAoine, an 6 Samhain 2026.
Thug ocht bhfoireann ó institiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre aghaidh ar a chéile. Comórtas dian a bhí ann, a thosaigh le babhtaí cáilithe a reáchtáladh ar maidin in Óstaí an Rí, sular aistríodh an comórtas chuig na Ceithre Cúirteanna don bhabhta ceannais tráthnóna.

Sa bhabhta ceannais, thug foireann DhlíChumann na hÉireann, ar a raibh Sadhbh Ní Ghráda agus Áine Ní Chualáin, aghaidh ar fhoireann A de chuid Ollscoil na Gaillimhe, ar a raibh Tomás Ó Canáin agus Cianna Cullen. Rinne na hiomaitheoirí díospóireacht ar chás bréagach dar teideal An Pobal, ar Agra: An Stiúrthóra Ionchúisimh Phoiblí v. Aoife Ní Chléirigh.
Rinne painéal iomráiteach breithiúna measúnú ar an mbréagchás, faoi chathaoirleacht an Bhreithimh Nuala de Buitléir, breitheamh den Chúirt Achomhairc. Bhí an Breitheamh Sinéad Ní Chúlacháin, breitheamh den Chúirt Chuarda, agus an Breitheamh Mark O’Connell, breitheamh den Chúirt Dúiche, ar an bpainéal chomh maith.

Léirigh na foirne ardchaighdeán taighde dlí, scileanna abhcóideachta agus cumas argóinte trí mheán na Gaeilge le linn an lae. Mhol na breithiúna go mór gairmiúlacht agus díograis na rannpháirtithe ar fad.
Dúirt foireann bhuacach DhlíChumann na hÉireann:
“Is mór an onóir dúinn Craobh Bhréagchúirt Uí Dhálaigh a bhuachan. Bhí iomaíocht den chéad scoth ann ón gcéad bhabhta go dtí an babhta ceannais agus bhaineamar tairbhe ollmhór as an taithí. Gabhaimid buíochas le Gael Linn, leis na breithiúna agus leis na hiomaitheoirí eile a chuir go mór le rath an chomórtais.”

Dúirt Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach Ghael Linn:
“Tá Craobh Bhréagchúirt Uí Dhálaigh ar cheann de na hardáin is tábhachtaí do mhic léinn dlí a bhfuil spéis acu sa dlí agus sa Ghaeilge araon. Léirigh na hiomaitheoirí i mbliana arís go bhfuil tallann agus saineolas den scoth le fáil i measc ghlúin nua lucht an dlí in Éirinn.”
Ghabh Gael Linn buíochas leis na breithiúna, leis na hocht bhfoireann a ghlac páirt sa chomórtas, agus le hÓstaí an Rí agus leis na Ceithre Cúirteanna as a dtacaíocht. Cuireann an comórtas le forbairt scileanna dlí agus teanga na mac léinn, agus le húsáid na Gaeilge a chothú i ngairm an dlí.

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Ghael Linn:
www.gael-linn.ie
tomasrua@gael-linn.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.