Síomha Hennessy: Gael to the MAXX

Labhraíonn Síomha faoina seó Gaelmaxxing, Gaeilge ‘trends’, agus Ros na Rún

‘Is bean as Baile Átha Cliath mé. Bím ag fuirseoireacht, ag ceol, agus ag aisteoireacht. Tá mé i mo chonaí i Londain ar an aimsir seo, ach bím ar ais i mBaile Átha Cliath, agus in Éirinn go ginearálta, i gcomhair gigeanna, agus le mo chlann a fheiceáil, agus le taitneamh a bhaint as an saol i mBaile Átha Cliath.

Siomha Hennessy. Pictiur Curtha ar fail
Síomha Hennessy. Pictiúr: Curtha ar fáil


Faraor, tá mé i mo chónaí sa Ríocht Aontaithe. Níl mé thall i Londain ach ó mí Eanair. Mar sin, tá mé fós an nua ansin. Yeah, tá mé ag socrú isteach de réir a chéile. Ach, tagaim ar ais i bfad an iomarca. Bím anseo uair sa mhí ar a laghad. Caithfidh mé jab níos fear a dhéanamh a bheith i mo chónaí i Londain. Ach, beidh mé anseo go dtí an Dublin Fringe, mar go bhfuil cónaí ag mo stiúrthóir, Louisa Ní Éideáin, anseo.
Má bhí sibh ag féachaint ar Ireland AM an tseachtain seo caite, tá seans maith ann go bhfaca sibh Síomha ag caint faoi Ros na Rún le Muireann, Tommy, agus Alan.Tá cúig triail aisteoireachta déanta ag Síomha don sobalchlár a bhíonn á thaifead sa Spidéal.
‘Ní stopaidh mé go dtí go n-eiríonn liom dul ar Ros na Rún. Tá mé ag tabhairt áilleacht. Tá mé ag tabhairt tallann dochreidte. Tá mé ag tabhairt ocht déag míle leantóir ar Instagram.’

07 857x1200 1
Síomha Hennessy. Pictiúr: Curtha ar fáil


Tá sé sóiléir cé chomh paiseanta is atá Síomha faoina brionglóid Ros na Rún. Bhí fonn orm a fáil amach cén saghas carachtar atá sí ag iarraidh tabhairt faoi.
‘An bean is áille sa bhaile. Speirbhean an ceantar. An bean go dtiteodh gach duine i ngrá léi. B’fhéidir celeb éigin a thagann isteach go Ros na Rún. Amhránaí cáiliúil a bhfuil tagtha ar cuairt ar Ros na Rún. Ansin, deir sí léi féin ‘Ó, b’fhéidir go gcónóidh mé anseo mar gur áit deas é seo le mo scíth a ligint, agus éalú ón gclú agus cáil. Bean a bhfuil gach duine eile ag iarraidh a bheith cosúil léi.
Beidh Síomha le feiscint sa Dublin Fringe Festival i mbliana. Labhair sí liom faoina seó nua, Gaelmaxxing, agus cad atá i gceist leis an téarma sin.


Feiceann tú go bhfuil a lán daoine ag Gaelmaxxáil ar an láthair seo, tá mé cinnte. Tá sé ‘cool’ a bheith i d’Éireannach ar an gcéad dul síos. Tá íomhá ‘cool’ againn anois. Tá gach duine “splitting the G”. Tá daoine ag caint faoin nGaeilge. Tá daoine ag caint faoina gcúpla focal. Ach, n’fheadar an bhfuil aon duine ag labhairt níos mó Gaeilge. Tá mise fiosrach faoi sin. Tá mise ag iarraidh an deis a thapú leis an fhirínne a rá. Is léir go bhfuil gach duine ag tapú an deis lipéad Gaeilge a chur ar rud éigin atá acu. Tá daoine ag díol ‘retreats’ – ioga mar shampla. Agus tá siad ag cur ainm Gaeilge air. Tá sin an ‘trendy’ na laethanta seo. An ‘trend’ é a leanfaidh ar aghaidh? An trend é go dtiocfaidh níos mó as? Tá a fhios againn go bhfui éigeandáil mór leis an dteanga sna nGaeltachtaí, agus nach bhfuil an infheistíocht atá ag teastáil ón Rialtas ann.

06 performance photo
Síomha Hennessy. Pictiúr: Curtha ar fáil

Tá an Ghaeilge i mbaol. Tá sí go mór i mbaol sa Ghaeltacht. Tá muid cinéal ‘screwed’ gan an Ghaeltacht. Ní hé gur chóir dúinn a bheith diúltach. Tá mise thar a bheith sásta go bhfuil sí ‘cool’ anois, mar ní raibh sé i gcónaí ‘cool’ agus mise ag fás aníos. Níor mhothaigh mise go raibh sí ‘cool’. Labhair mo theaghlach sa bhaile. Tá mé an-bhuíoch go bhfuil sí ‘cool’ anois – beagánín ródhéanach domsa. Feiceann tú go bhfuil mé ag déanamh seo anseo atá ag iarraidh a bheith ag iarraidh a bheith mar chuid den thonn mór Gaelmaxxing seo. Is ‘opportunist’ mise cosúil le gach duine eile. Ach, ag an am céanna, sílim go bhfuil an seó greannmhar. Sílim go ndeireann sé rudaí atá nua. Sílim go mbainfidh daoine taitneamh as.’
‘Tá an Dublin Fringe Festival déanta agam dhá uair roimhe seo. Tá sé iontach ar fad. Is féile dochreidte é. Tacaíonn siad leis na healaíontóirí go mór. An t-aon fadbh atá ann ná mé féin. Gach uair go bhfuil tógra mór cosúil le seo ar siúl agam, bím suas na mballaí. Tá ADHD orm, agus tá sé deacair orm fanacht ar bharr gach rud atá le déanamh agam. Tá a lán gnéithe éagsúla a dtéann isteach i dtógra chomh mór seo.’

04 Gaelmaxxing image no text alt
Síomha Hennessy. Pictiúr: Curtha ar fáil.


‘Tá an Dublin Fringe thar a bheith tacúil le fuirseoirí. Tá siad an ‘conscious’ faoi deiseanna a thabhairt do dhaoine ó ghrúpaí mionluchta. Ach tá an saol stand up ar leith ag fir, agus cinéal ‘cutthroat’, caithfidh mé a rá. Níl aon tacaíocht ón Stáit dó ach an oiread. Agus sílim go gcuireann sé sin leis an gcinéal atmaisfear – go bhfuil sé an-iomaíoch agus ‘doggy-dog’ ar bhealach.’
‘Tá mé fós ag tógáil m’ainm. Mar sin, tá sé deacair aon airgead a dhéanamh. Agus sin an fáth go gcaithfidh mise a lán rudaí a dhéanamh le airgead a thuilleamh. Níl mé ábalta fuirseoireacht amháin a dhéanamh. Agus caithfidh mise an seó seo a dhíol mé féin. Tá a lán obair i gceist. Tá a lán obair i gceist i rud éigin a fhógrú. Sin caoga faoin gcéad don phost. Bíonn tú ag bogadh idir an seó a scríobh agus an seó a dhíol. Tá sé deacair an ‘switching’ sin a dhéanamh. Tá mé cosúil le bean ghnó uaireanta, rud atá chomh greannmhar le rá.’
Agus ár gcomhrá ag críochnú, bhí Síomha ag iarraidh machnamh a dhéanamh ar an aistear deacair, ach rathúil, atá tógtha aici, chomh maith leis na rudaí is ansa léi ina saol.

01 Comedy headshot
Síomha Hennessy: Pictiúr: Curtha ar fáil


‘Caithfidh mé smaoineamh air níos minice, mar bím ag gearrán. Sin ceann de na caithimh aimsire is mó atá agam i mo shaol. Tá mé buíoch i gcomhair an oiread sin rudaí. Ar ndóigh, mo shláinte. Ar ndóigh, go bhfuil dídean os mo chionn – níor chóir go mbeadh orainn a bheith chomh buíoch faoi sin. Is ceart daonna an-bunúsach é.
‘Tá mé buíoch as an tacaíocht atá agam ó mo chlann, agus mo chairde. Táim an-bhuíoch don phobal saibhir Gaelach atá agam agus atá anseo.
Agus mé ag éisteacht le Síomha, bhíos buíoch as rud amháin – go bhfuil sí in ann daoine a chur ag gáire i gcaoi atá nadúrtha, gan a bheith gránna, toisc go dtuigeann sí cé chomh tábhachtach is atá sé le bheith deas le daoine. Tá mise ag súil go mór le Gaelmaxxing a fheiscint. Bheidh sé ar siúl sa Bewleys Café Theatre ón 7-12 de mhí Mheán Fómhair.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram