An t-agallamh mór: Siar go bun le Mary Kennedy, láithreoir Moving West

‘An rud is déise faoi Moving West ná go bhfuil sé cosúil le Nationwide, ach ar TG4, agus cuid de as Gaolainn,’ arsa Mary Kennedy liom agus sin ag labhairt faoina gairm.

Thosnaigh Mary ag obair le RTÉ siar i 1978. Agus tá sí le feiscint ar teilifís na hÉireann ó shin. Anois agus í aitheanta mar cheann de na láithreoirí is mó cáil uirthi in Éirinn, bhí fonn ormsa labhairt léi faoina n-aistear go dtí seo.

‘Bhíos tar éis an staidéar a chríochnú, agus bhíos tar éis teacht thar n-ais ón Fhrainc, mar bhíos ann ar feadh bliana.

Mary Kennedy i Sligeach. Pictiúr TG4Curtha ar fáil
Mary Kennedy i Sligeach. Pictiúr: TG4/Curtha ar fáil

‘Fadó fadó, de bhíodh fógraí in san pháipéar. Bhí RTÉ ag lorg láithreoirí leanúnachais páirtaimsire. Bhí mise ag múineadh, agus chuireas isteach air. I gcónaí, nuair a bhíos ag staidéir, bhí jab eile agam.

‘Ní dúirt mé le héinne go rabhas ag cur isteach air, mar bhí faitíos orm go mbeadh siad ag smaoineamh go raibh “notions” agam.

‘Ach lean sé ar aghaidh go dtí an chéad stad eile. Mar sin, bhí orm é a rá le mo mháthair. Bhí m’athar díreach tar éis bháis a fháil. Ba mhór an brón a bhí orm,’ arsa Mary.

‘Bhí mo mháthair i gcónaí neirbhíseach mar gheall ar chúrsaí craoltóireachta. Bhí imní uirthi go gheobhainn “big head”. Ach m’athar – bheadh sé chomh bródúil sin. Bhí suim aige i gcónaí in óráidíocht phoiblí.

‘I rith mo shaol, nuair a thugtar seansanna dom, glacaim leo. Is cuimhin liom an Comórtas Eoirafíse nuair a bhuaigh Dana. Bhíos ag rá liom féin “Ó ba bhreá liomsa an rud sin a dhéanamh”.

‘Bhí taithí agam ar rudaí a dheánamh ar an stáitse. Chuaigh mé féin agus beirt cara ag déanamh ceachtanna deaslabhra.

‘Is dócha go raibh suim agam triail a bhaint as. Ach ní dóigh liom go rabhas ag smaoineamh go mbeadh an t-ádh orm. Ach, b’fhéidir ag bun mo chroí gur cheap mé go ndfhéadfainn é sin dá bhfaighfinn an seans.

Mary Kennedy. Pictiur TG4Curtha ar fail
Mary Kennedy. Pictiúr: TG4/Curtha ar fáil

‘Bhí sé seachtaine ceachtanna againn sula chuirfeadh muid ar an aer. Ansin dhein siad paineál, agus bhí mise ar an bpaineál. Thug siad seans dom.

‘Is cuimhin liom an chéad lá. Bhí mé ag fógairt. Bhí sé i Mí Dheireadh Fomhair 1978, agus ag a cúig a chloig, dheineas an chéad fógra. Agus i ndiaidh, dhein mé “eyeroll”. Bhí m’uncail in aice lámha dúínn. Bhí sé ag taifeadadh. Nuair a chuaigh mé abhaile an lá dár gcionn, thaispeáin sé an taifead don chlann.

‘Agus sin ceacht a d’fhoghlaim mé an-luath. Dheineas an rud. Bhí sé déanta agam. Níor dheineas botún. Ach ansin, faoiseamh a bhí ann.

‘Bhí an chúrsa sé seachtaine deacair. Bhí beirt bean a bhí deacair orainn. Ach, d’fhoghlaim mé an méid sin ó thaobh féachaint ar an gceamara, scripteanna a scríobh, an t-ullmhúchán a dhéanamh.

‘B’fhéidir gurb é an taithí a bhí agam as scrúdaithe deaslabhra a dhéanamh, agus as mar mhúinteoir freisin. Caithfá a bheith in ann reacaireacht,’ arsa Mary.

‘Tá mé saghas “easy going” go nadúrtha. Níor chuir mé isteach riamh ar ghig, seachas an Eoraifíse. Ach, tháinig siadsan chugamse, agus fuaireas seans clár teilifíse mic léinn na hardteiste a dhéanamh.Bhaineas taitneamh as sin.

‘Is breá liom ullmhúchán a dhéanamh, agus a bheith fite fuaite i bhfeachtas. Agus ansin, d’fhág siad rudaí eile dom. Fuaireas seans An Nuacht a léamh. Lean sé go nadúrtha, go ciúin, agus go rialta as sin.

D’fhás mé aníos i nDún Dealgan (Dundalk). Bhí suim i gcónaí ag mo mháthair in san Gaelainn. Is dócha go raibh sí cosúil liomsa – bhí suim agus meas aici ar an tír, ár n-oidreacht, agus taistil.

Nuair a chuamar ar laethanta saoire, chuamar i gcónaí go dtí Iarrthar na hÉireann. Chuamar go dtí An Spidéil, agus go dtí Gaoth-Sáile i gContae Mhaigh Eo. Bhí an meas sin ag dul isteach ionann mar pháistí.

Mary Kennedy in Ballymote Town TG4
Pictiúr: TG4/Curtha ar fáil

‘Chuaigh mo mháthair go dtí ceachtanna Gaelainn in san tsráidbhaile. Bhí siad eagraithe ag Gael Linn. Dhein sí an chúrsa ionas go mbeadh sí ábalta cabhair a thabhairt dúinn leis an obair bhaile.

‘Faighim an-sástach as a bheith ag labhairt Gaelainn, agus a bheith ag taispeáint áilleacht Iarthar na hÉireann do mhuintir na tíre.

‘Agus sin é an rud, sin an trachtaireacht a fhaigheann muid go minic.

‘Tá an méid sin daoine nach raibh aon cur amach acu ar Litir Mhór agus Acal, mar shampla. Nuair a bhuailim le daoine, tá iontacht orthu go bhfuil na háiteanna sin chomh insroichte (accessible), agus go bhfuil comhluadar ann, agus go bhfuil pobal láidir ann.

Agus freisin go bhfuil, b’fhéidir, na rudaí atá an-tábhachtach dóibh an-bunúsach agus simplí – agus go bhfuil na suálicí cearta acu chun an saol a maireachtaint. Sin an fáth go bhfuil siad ag bogadh siar.’

Bíonn sceitímí ar Mhary roinnt linn scéalta dhaoin a mbíonn i ‘Moving West’.

‘Cosúil le Nationwide, tá Nationwide ag taispeáint na rudaí atá ag tarlúint in áiteanna difriúla ar fud na tíre. An téama atá ag Moving West ná daoine atá tar éis socrú síos in áit difriúil, chomh maith le saol agus comhluadar a aimsiú a iarrann dóibh an cothrom idir saol agus obair a aimsiú.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram