Gaeilgeoirí ó Cheanada ag ceiliúradh i gConamara … ach cá bhfuil Mark Carney?

Cé go raibh na meáin idirnáisiúnta ag tógáil pictiúr de Phríomh-Aire Cheanada, Mark Carney, i Maigh Eo an tseachtain seo thart, bhí rud éigin i bhfad níos tábhachtaí ar siúl i saol Gaeilgeoirí as Ceanada, seasca cilóméadar suas an bóthar.

Bhí scoláireachtaí Gaeilge á mbronnadh ar mhic léinn as Ceanada in Acadamh na Gaeilge, An Cheathrú Rua i gConamara, fad is a bhí Carney in Achadh Ghobhair, baile dúchais a mhuintire i gContae Mhaigh Eo.

Bhí daoine i gCeathrú Rua ag súil go mbuailfeadh Príomh Aire Cheanada isteach an doras ach faraor níor tharla.

Screenshot 2026 06 18 080506 1
An bhfuil tú ag féachaint orainn, a Phríomh Aire? Mac léinn Charlie Law ó Ollscoil Naomh Mhuire, Halifax, Ceanada, ag déanamh féínín dó féin agus a scór chomrádaithe ollscoile ó Cheanada ag Acadamh na Gaeilge, An Cheathrú Rua, an Aoine seo caite

Níor loic sin ar áthas ná bród na mac léinn a ngradaim a fháil.

Roghnaidh siad cur isteach ar chúrsa fhoghlaim Gaeilge in Éirinn ina n-ollscoileanna féin i Toronto, Ottawa, Montreal, New Brunswick, Talamh an Éisc agus rinne os cionn scór acu an taisteal agus an freastal ar ranganna i gConamara eagraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ann.

Allison Russell as Montreal, Quebec, i gCeanada
Allison Russell as Montreal, Quebec, i gCeanada

Duine amháin acu siúd ná Allison Russell as Montreal, Quebec.

‘Tá nasc láidir le cultúr na hÉireann i Montreal,’ dúirt sí.

Ba as Corcaigh agus Cill Dara mo sheanmhuintire féin. Bhí mé ag foghlaim Ghaeilge le dhá bhliain anuas tríd an bhFondúireacht Ollscoil Éireann Ceanada. Tá an Ghaeilge tábhachtach i mo shaol.’

Tá go leor i gcoitinne idir mhuintir na hÉireann agus Ceanada, a deir Allison.

Méabh Ní Chonaill as Cill na Martra, Múscraí i gContae Chorcaí
Méabh Ní Chonaill as Cill na Martra, Múscraí i gContae Chorcaí

Tá siad cairdiúil agus cabhrach. ‘Tá rithim an tsaoil níos réidhe i gConamara agus tá caidreamh níos dlúithe acu lena chéile ná mar atá sa bhaile agamsa.’

Bhí iontas uirthi go raibh príomhaire a thíre féin in Éirinn ag an am céanna.

‘Bhraith mé ceangal níos daingne idir mo thír féin agus Éire de bharr a chuairte,’ a dúirt sí. 

Carla Nic Aonghusa, ar chlé, agus a deirfiúr chúpla, Ciara. Tá Carla ar a bealach go Ollscoil Memorial, Talamh an Éisc chun Gaeilge a mhúineadh do na mic léinn. Tá súil ag Ciara go n-éireoidh léi an scoláireacht a fháil an chéad bhliain eile!
Carla Nic Aonghusa, ar chlé, agus a deirfiúr chúpla, Ciara. Tá Carla ar a bealach go Ollscoil Memorial, Talamh an Éisc chun Gaeilge a mhúineadh do na mic léinn. Tá súil ag Ciara go n-éireoidh léi an scoláireacht a fháil an chéad bhliain eile!

Ach ní i dtreo na hÉireann amháin atá an trácht fhoghlama ag dul.

Tá scata teagascóirí Gaeilge ó Éireann ag bualadh thall go dtí na hollscoileanna i gCeanada chun Gaeilge a mhúineadh do na mic léinn thall.

Ina measc siúd tá Méabh Ní Chonaill as Cill na Martra, Múscraí i gContae Chorcaí. 

Gaeilgeoir nua. Chloé St Cyr, Ollscoil Ottawa
Gaeilgeoir nua. Chloé St Cyr, Ollscoil Ottawa

Bean gníomhach í Méabh. Tá bunchéim díreach bainte amach sa Ghaoluinn agus sa Cheol aici in UCC.

‘Seinm an fhidil, an fheadóg stáin agus an pianó agus bím ag rince seit agus ag plé le cúrsaí raidió i m’am saor,’ a deir sí.

Tá dindiúirí go domhain aici faoin dámhachtain a bhain sí amach chun teagasc.

‘Do chaitheas bliain i Montreal, i gCeanada roimhe seo, mar chuid de mo bhunchéim. Do thaitin sé go mór liom agus bhí fonn orm filleadh ar an tír arís,’ a dúirt sí.

Angelyka Byrne, Ollscoil Coláíste St Michael's, Toronto  ag fáil a gradaim ó Aodán Mac Cormaic, Rúnaí Cúnta, An Ghaeilge agus an Ghaeltacht. Ar chlé tá Treasa Uí Lorcáin, Ceannasaí Eitreamhach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a d'eagraigh an cúrsa, agus, ar dheis, James Kelly, Stiúrthóir Fheidhmeach, Fonduireacht Ollscoil Éireann Ceanada.
Angelyka Byrne, Ollscoil Coláíste St Michael’s, Toronto ag fáil a gradaim ó Aodán Mac Cormaic, Rúnaí Cúnta, An Ghaeilge agus an Ghaeltacht. Ar chlé tá Treasa Uí Lorcáin, Ceannasaí Eitreamhach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a d’eagraigh an cúrsa, agus, ar dheis, James Kelly, Stiúrthóir Fheidhmeach, Fonduireacht Ollscoil Éireann Ceanada.

‘Tá go leor ceoltóirí iontacha thall ann agus chaitheas roinnt ama ag foghlaim ceol na fidile i Quebéc. Táim ag tnúth go mór leis an deis seo.

‘Tá suim mhór agam i stair na hÉireannach i gCeanada agus a gcuid ceoil agus táim ag súil go mór leis an deis a bheith ag seinnt thall ann agus bualadh leis na Gaeil atá i Toronto.’

Go n-éirí leo, na Gaeil sa bhaile agus na Gaeil-Cheanada.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram