Ná bac le Sam! Bhí peil den chéad scoth againn i bParthas

Comórtas Peile na Gaeltachta 2026, nó Parthas Peile na Gaeltachta 2026 ar chóir a ghlaoch ar an ócáid ​​seo.

Lonnaíodh an fhéile spóirt peile seo ar pháirc ghalánta an Tamhnaigh i mbaile beag aoibhinn Chill Charthaigh, Dún na nGall ar imeall an Atlantaigh ar feadh ceithre lá de cheol, craic agus cluichí an deireadh seachtaine seo caite.

Comórtas Peile na Gaeltachta: Diangantas ar aghaidheanna imreoirí An Tearmann (marún) Gráinne Ní Dhochartaigh, agus Zoe Ní Dhuagáin, Baile Chláír na Gaillimhe
Comórtas Peile na Gaeltachta: Diangantas ar aghaidheanna imreoirí An Tearmann (marún) Gráinne Ní Dhochartaigh, agus Zoe Ní Dhuagáin, Baile Chláír na Gaillimhe

Rinne an ghrian a chuid don scór cluiche peile ná níos mó, a eagraítear chuile mí an Mheithimh i measc clubanna na réigiúin Ghaeltachta, thuaidh, theas agus thoir.

Anuraidh ba ar na tailte mín, glas na Mí i Rath Chairn a ritheadh an comórtas, ach is i ngleantáin ghlas Dhún na nGall a bhailigh na foirne chun Gaeilge agus peil a chur chun cinn an uair seo.

Screenshot 2026 06 04 085737

Bhí seaimpíní idirmheánach na hÉireann, An Ghaeltacht, páirteach ach chuir an club Corcaíoch, Naomh Abán, stop lena sodar i gcluiche bríomhar Dé Sathairn.

Bhuail foirne sinsearacha Gaeltacht na Rinne agus na Mí, An Rinn agus Bhulf Tón, Dé Sathairn chomh maith agus thug fir na Mí, seaimpíní sinsear an Chomórtais 2025, an svae leo. 

Screenshot 2026 06 04 121916
Na Cailíní Gaelacha ó réigiúin na Gaeltachta thuaidh agus theas. Clé go deis: Aoife Ní Chonaill, Clann na Gael, Co na Mí; Máire Ní Éanacháin, Tuar Mhic Éadaigh, Co Mhaigh Eo; Ailbhe Seoighe, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe; Rachel Seoige, Naomh Anna, Leitir Móir, Co na Gaillimhe; Lucy De hÍde, Naomh Abán, Co Chorcaí; Seoighe Ní Éanaí, An Mhí; Caoimhe Ní Mhaolaí, Na Gaeil Óga; Jeannie Ní Dhonnchú, Co Dhún na nGall; Leah Nic an Iomaire, Carna Caiseal, Co na Gaillimhe; Ellie Ní hÉigeartaigh, Cill Chartha, Co Dhún na nGall

Rinne foireann na gConallach, Gaoth Dobhair, amhlaidh le curaithe chraobh na Gaillimhe, Maigh Cuilinn. Bhí cluiche ceannais sa chinniúint dáiríre le teacht le chéile fir na Mí agus Ghaoth Dobhair ar lá saoire bainc Dé Luain. 

Ghlan an bháisteach in am do chluiche géar, iomaíoch in amharclann spóirt galánta Pháirc an Tamhnaigh ach sa deireadh bhí an lá agus an gradam ag na Tuaisceartaigh.

Buaiteoir chomórtas an Chailín Ghaelaigh, Lucy De hÍde - Naomh Abán, Co Chorcaí
Buaiteoir chomórtas an Chailín Ghaelaigh, Lucy De hÍde – Naomh Abán, Co Chorcaí

Ba ruathar ceart é gluaiseacht na dTuaisceartach sa chomórtas seo mar i chuile grád d’éirigh leo:

Naomh Columba in aghaidh Naomh Anna Leitir Móir na Gaillimhe i gcomórtas idirmheánach na mban;

Mná na háite, Cill Charthaigh, in aghaidh Chlann na nGael, Co na Mí; agus An Tearmann, i gcluiche sinsear na mban, in aghaidh Bhaile an Chláir, Gaillimh. 

Bhí na fir caithréimeach chomh maith agus an lámh in uachtar ag Gaeil Fhánada ar fhir Mhaigh Eo, Tuar Mhic Éadaigh, i gcluiche ceannais na sóisear.

Mná Naomh Columba, Dún na nGall, ag ceiliúradh a mbua ar fhoireann Naomh Anna, Leitir Móir, Co na Gaillimhe sa chomórtas Idirmheánach na mBan, Dé Domhnaigh
Mná Naomh Columba, Dún na nGall, ag ceiliúradh a mbua ar fhoireann Naomh Anna, Leitir Móir, Co na Gaillimhe sa chomórtas Idirmheánach na mBan, Dé Domhnaigh

Ní nach ionadh an rath agus an cumas ar fhoireann chontae Dhún na nGall. 

Ach i ndeireadh gach lá sa chomórtas breá seo cuireadh na buataisí i leataobh le ceol, craic agus comhrá i dteanga dhúchais na nGael, nósanna a mheallann na sluaite ó thuaidh, theas agus thoir, chomh maith leis an bpeil féin. 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram