

Glacadh le pholasaí na Gaeilge ag cruinniú i mBéal Feirste den Chomhairle Dé Luain, an 1 Meitheamh 2026.
Vótáil na comhairleoirí i ndiaidh dóibh comhairle dlí a fháil a dheimhnigh nach mbeadh tionchar diúltach díréireach ag an bpolasaí ar aon chuid den phobal.
Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an gcinneadh agus dúirt siad gur céim thábhachtach chun cinn é i leith cearta teanga i mBéal Feirste.
Glacadh leis an bpolasaí den chéad uair ar an 1 Deireadh Fómhair 2025, nuair a vótáil 42 as 60 comhairleoir ina fhabhar.
Cuireadh an cinneadh faoi ‘athbhreithniú’ ina dhiaidh sin ag comhairleoirí aontachtacha, a mhaígh go mbeadh tionchar díréireach aige ar chuid den daonra.

Glacadh Leasú Breithiúnach ina dhiaidh sin ag ball de TUV, Ann McClure. Cuireadh an polasaí ar fionraí fad a bhí an cás os comhair na cúirte.
Ar an 21 Aibreá, dhiúltaigh an Breitheamh McLaughlin don dúshlán agus chinn sé gur leanadh na nósanna imeachta cearta. Chuir sé sin ar chumas an pholasaí filleadh ar an gComhairle.
Dé Luain, rinne comhairleoirí breithniú chomh maith ar chomhairle dlí a chuir an t-athbhreithniú roimhe seo ar leataobh.
Ceadaíonn an polasaí do mhéadú ar úsáid na Gaeilge i seirbhísí na Comhairle, i gcumarsáid agus i gcomharthaíocht. Tabharfar isteach freisin céannacht chorparáideach dhátheangach agus lógó nua don Chomhairle.
Leathnófar Ceathrú na Gaeltachta lena n-áirítear Baile Andarsan agus Gaeltacht Bhóthar Seoighe. Tá ról lárnach ag an gceantar seo in athbheochan nua-aimseartha na Gaeilge.
Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, go léiríonn an polasaí fás na Gaeilge i mBéal Feirste.
Dúirt sé: ‘Tá an Ghaeilge go mór faoi bhláth fud fad Bhéal Feirste. Tá líon na ndaltaí atá ag freastail ar Ghaelscoileanna, líon na dteaghlach ag tógail clainne trí Ghaeilge, líon na ndaoine atá ag foghlaim na teanga uilig ag ardú agus ag ardú go mór.
‘Le blianta beaga anuas tá pobal na Gaeilge ag troid lá i ndiaidh lae chun cearta teanga a bhrú chun cinn inár n-institiúidí agus spásanna poiblí, agus tá ag éirí linn.’
Dúirt sé go bhfuil an eagraíocht ag obair le grúpaí Gaeilge, comhairleoirí agus foireann na Comhairle le beagnach deich mbliana chun an polasaí a fhorbairt.
Dúirt sé go bhfuil sé bunaithe ar phrionsabal na comhionannais mheasa i gComhaontú Aoine an Chéasta agus ar threoir ó chomhlachtaí idirnáisiúnta agus cearta daonna.
Chuir sé síos ar an bpolasaí mar pholasaí forásach atá ag teacht le caighdeáin chearta mionlach, agus ghabh sé buíochas leo siúd ar fad a bhí páirteach sa phróiseas.
Dúirt sé go léiríonn an cinneadh athrú níos leithne sa saol poiblí.
‘Beidh cuimhne ag leor ar na laethanta nuair a díbríodh cainteoirí Gaeilge ó Halla na Cathrach as siocair gur labhair siad ina dteanga dhúcháis féin,’ a dúirt sé.
‘Anois, beidh Béal Feirste mar lóchrann comhionannais ar fud na hÉireann ó thaobh chearta teanga de agus cuirfidh an polasaí úr le stádas na hathbheochana pobal-bhunaithe iontaí atá faoi lánseoil ar fud na cathrach.’
Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Cearta Teanga le Conradh na Gaeilge, gur cinneadh mór tábhachtach é seo.
Dúirt sí: ‘Is lá iontach go deo stairiúil é seo do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste, agus do gach duine a chreideann i mbunphrionsabail an chomhionannais, i gcearta agus sa chóimheas.
‘Faoi dheireadh, beidh ár dteanga dhúchais le feiceáil agus le cluinstin timpeall na Cathrach seo.’
Dúirt sí go gcinnteoidh an polasaí go mbeidh an Ghaeilge níos feiceálaí agus níos coitianta sa chathair.
Dúirt sí go gcabhraíonn infheictheacht mhéadaithe le húsáid nádúrtha na teanga agus le tuiscint níos fearr a chothú.

Chuir sí béim ar leith ar a thábhachtaí atá sé go mbeidh Gaeltacht Bhóthar Seoighe san áireamh i gCeathrú na Gaeltachta.
Dúirt Nic Liam go mbeidh comhairlí agus comhlachtaí poiblí eile ag faire ar an dul chun cinn i mBéal Feirste. D’iarr sí orthu polasaithe den chineál céanna a ghlacadh agus oibriú leis an gCoimisinéir Teanga chun úsáid na Gaeilge a neartú i seirbhísí poiblí.
Thug sí faoi deara freisin gur ceapadh Ard-Mhéara nua a bhfuil Gaeilge líofa aige ag an gcruinniú céanna.
Dúirt Conradh na Gaeilge go bhfuil siad ag súil le comhoibriú le Róis-Máire Donnelly chun cearta teanga a chur chun cinn sa bhliain amach romhainn.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.