Clár TG4 ag ceiliúradh fhoireann CLG na mban i Lú

Craolfar clár faisnéise spóirt, Lú Abú – The Louth LGFA Story, ar TG4 Dé Sathairn, 18 Aibreán, ag 6:25pm.

Tabharfar léargas ar fhoireann Pheil na mBan Lú agus ar an méid a bhíonn ag tarlú den pháirc sa chlár seo agus iad ag iarraidh Craobh na Sóisear TG4 2025 a bhaint amach agus iad faoi stiúir an chaptaein Áine Breen.

TG4
Picitúr: TG4/Curtha ar fáil

Tá na mná ón gContae is Lú dírithe uile ón gcéad lá den fheachtas ar bheith ar ais i bPáirc an Chrócaigh do Chluiche Ceannais na hÉireann.

Is mór an t-ugach é an díomá a bhí orthu nuair a d’éirigh le mná Fhear Manach an ceann is fearr a fháil orthu i gcluiche ceannais 2024, agus tá siad meáite ar an gcorn a chrochadh an geábh seo.

Tabharfar deis eisiach don lucht féachana in Lú Abú léargas a fháil ar aistear an scuaid, ar a dhéine a bhíonn na seisiúin traenála, ar a theaicticiúil a bhíonn na hullmhúcháin, ar an tiomantas diongbháilte a theastaíonn chun dul san iomaíocht ar an leibhéal is airde.

Beifear i dteannta na foirne le linn na tréimhse sin agus iad ag teannadh leis an gcluiche ceannais, trína bhfaighidh an lucht féachana léargas nach mbíonn le fáil an-mhinic ar an meon agus ar an aontacht a spreagann scothimreoirí idirchontae.

I gcroílár a n-aistir tá uaillmhian chomhroinnte: is é sin Corn an West County Hotel a chrochadh in airde ar chéimeanna Sheastán Uí Ógáin agus Craobh Uile-Éireann na Sóisear bainte amach acu.

Tugtar léargas freisin ar an gcreideamh agus an athléimneacht i gcomhar a spreagann iad agus ar an eispéireas iomlán a bhaineann le laethanta na gcluichí, idir an t-ullmhúchán agus an bhís a bhíonn i gceist agus an t-aicsean uile ar an bpáirc.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram