Féile na mBan ar TG4 do Lá Fhéile Bríde

Is féile deireadh seachtaine í Féile na mBan ina mbíonn mná i mbun ealaíne, plé agus ceiliúrtha agus tá féile i mbliana ar siúl i mBun Dobhráin ag tabhairt onóir d’oidhreacht agus do spiorad Bhríde.

Beidh sé sin á cheiliúradh sa chlár Féile na mBan, clár siamsaíochta a chraolfar Dé Luain saoire bainc 2 Feabhra ar TG4, agus cuirfear fáilte roimh thús an earraigh freisin.

Póilín Nic Géidigh
Póilín Nic Géidigh

Is í Póilín Nic Géidigh a chuirfidh an clár i láthair agus beidh sise ag freastal ar imeachtaí ar fad na féile ó thaispeántais ealaíne go ceardlanna.

Tabharfaidh sí faoin fharraige le mná eile agus casfaidh sí freisin le Olwen Pendred a dhéanfaidh cur síos di ar dheasghnátha na féile.


Screenshot 2026 01 31 134241

Lá Fhéile Bríde! Ag ceiliúradh an bhanríon phágánach do ghlúin nua … Lá Fhéile Bríde sona do chách! Ach cad is brí le sin sa lá atá inniu ann?  CLIC ANSEO


Beidh scoth na gceoltóirí agus na dtaibhealaíontóirí ag casadh ag an fhéile, ina measc Mairéad Ní Mhaonaigh, Niamh Regan, Ríoghnach Connolly, Wallis Bird, The Henry Girls, Maeve O’Donnell agus na filí Maureen Onwunali agus Róise Ní Bhaoill.

Beidh sé ar siúl ar TG4 Dé Luain chun tús meidhreach a chur leis an earrach.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram