

Tá ‘tuarascáil scoile’ foilsithe ag BÁNÚ, Grúpa Gníomhaíochta Tithíochta na Gaeltachta, don Aire Gaeltachta Dara Calleary agus níor éirigh go maith leis de réir na tuarascála.
Mar gheall air sin, shocraigh siad litir a sheachadadh chuig an Aire ag Príomhoifig Roinn na Gaeltachta sna Forbacha, Gaillimh, mar aon leis an meastóireacht ar a chéad bhliain i gceannas ar chúrsaí na Gaeltachta.
Deir an ‘tuairisc scoile’ nár éirigh leis na gealltanais a thug sé bliain ó shin a chomhlíonadh.
‘Feabhas mór ag teastáil’ is ea breithiúnas BÁNÚ.

Liostaíonn BÁNÚ na teipeanna mar seo a leanas:
• Theip air an chumhacht atá aige cheana féin mar Aire na Gaeltachta, faoin Acht Tithíochta Gaeltachta 2001, a úsáid chun tacaíochtaí tithíochta a athbhunú do chainteoirí Gaeilge, i gceantair Ghaeltachta, a gearradh siar in 2008 le linn na géarchéime airgeadais agus nár athbhunaíodh riamh;
• Theip air Treoirlínte Pleanála Alt 28, a gealladh le fada, a chomhaontú leis an Roinn Tithíochta, a bhfuil an reachtaíocht ina leith sin curtha ar ceal ó shin;
• Theip air maoiniú leordhóthanach caipitil a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le go bhféadfaí suíomhanna seirbhísithe ar thalamh an Údaráis a fhorbairt do chainteoirí Gaeilge;
• Theip air reachtaíocht a chur ar aghaidh tríd an Oireachtas a thabharfadh feidhm shoiléir tithíochta d’Údarás na Gaeltachta agus a cheadódh toghcháin an Údaráis atá geallta le fada dul ar aghaidh..
Anuas ar sin sa litir, dúirt BÁNÚ leis an Aire: ‘Labhair tú ag an tús faoin rún a bhí agat dul i ngleic leis an bhfadhb faoi sholáthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht.’
Agus dúirt siad: ‘Tá áthas orainn a fheiceáil gur aithníodh ar leathanach 112 den Chlár Rialtais go bhféadfaí ról a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta chun dul i ngleic leis an bhfadhb tithíochta sa nGaeltacht.’

Ach ansin deir siad: ‘Bhíomar ag súil le gníomh uaitse mar Aire, ach tá fíordhíomá orainn gur beag a rinne do Roinn le bliain anuas. Go deimhin, bhraitheamar go raibh do Roinnsa ag iarraidh bac a chur le roimh aon dul chun cinn.’
‘Ag breathnú siar ar do chéad bhliain mar Aire Gaeltachta, sé ár dtuairim mheáite gur theip ar do Roinn, Roinn na Gaeltachta, aon cheo fiúntach a bhaint amach le réiteach a fháil ar an bhfadhb tithíochta sa nGaeltacht, agus an Roinn faoi do stiúir.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.