

Tá an tAire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan, chun cumhachtaí nua a thabhairt do na Gardaí chun ‘spiaireacht’ a dhéanamh ar fhóin phóca.
Deir lucht tacaíochta na ndlíthe nua go gceadóidh sé dóibh monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht choiriúil, ach tá eagla go bhféadfaí na cumhachtaí a úsáid chun spiaireacht a dhéanamh ar dhaoine eile.

Ceadóidh an reachtaíocht do na gardaí bogearraí (software) conspóideacha a úsáid chun rochtain a fháil ar sheirbhísí teachtaireachtaí criptithe ar nós Whatsapp.
Tuigtear go bhfuil an bogearra spiaireachta seo cosúil le Pegasus, bogearraí a fuarthas amach a úsáideadh go mídhleathach ag póilíní Iosrael chun monatóireacht a dhéanamh ar shaoránaigh agus daoine eile.
Tagann sé seo freisin ag am ina bhfuil imní mhéadaitheach ann faoi fhóin a sheiceáil agus sonraí pearsanta a thógáil ag lucht slándála ó chuairteoirí go Meiriceá faoi uachtaránacht Donald Trump.
Tá eagla ann go bhféadfaí na cumhachtaí nua a úsáid i gcoinne bhaill den phobal.
Deir Comhairle um Chearta an Duine (Irish Council for Civil Liberties) go bhfuil ‘imní an-tromchúiseacha acu faoin liosta siopadóireachta seo de chumhachtaí faireachais’.
Ach dúirt an tAire O’Callaghan go bhfuil an reachtaíocht ‘i bhfad thar téarma’ agus deir an Roinn Dlí agus Cirt go n-úsáidtear na dlíthe seo i ndlínsí eile.
Leis na dlíthe, bheadh cead ag na gardaí rochtain a fháil ar ‘chuid de na sonraí nó ar na sonraí go léir ar fheiste nó líonra leictreonach’. Deir lucht tacaíochta an Bhille nach bhféadfaidís é sin a dhéanamh ach amháin dá mbeadh na sonraí nó na feistí á n-úsáid chun ‘críocha mídhleathacha’ a dhéanamh.
Faoin reachtaíocht, bheadh cead ag gardaí teachtaireachtaí criptithe a léamh, amhail iad siúd ar Whatsapp, i gcás ina gceapann siad go bhfuil gá leis.
Creidtear go mbeidh ról ag an mbreithiúnacht maidir le hiarratais ó na gardaí a cheadú.
Dúirt an tAire go mbeidh ‘cosaintí dlíthiúla láidre’ sa dlí chun a chinntiú go bhfuil úsáid na gcumhachtaí sin ‘riachtanach agus comhréireach’.
Mar sin féin, agus scéim ghinearálta an Bhille gan foilsiú, dúirt Comhairle um Chearta an Duine nach bhfuil aon sonraí ann le scrúdú a dhéanamh orthu.
Dúirt siad go dtugann foilseachán Rialtais ar an ábhar ‘le fios gur mian leis an Aire cumhachtaí thar a bheith “intrusive” a thabhairt do na gardaí’.
Dúirt siad go n-áirítear leis na cumhachtaí, is cosúil:
• Bogearraí spiaireachta a shuiteáil (install) ar fheiste;
• Teicneolaíocht chun rianú (tracking) a dhéanamh ar gach fón póca atá casta air, nó as, i limistéar áirithe;
• Rochtain ar chumarsáid dhigiteach chriptithe;
• Agus idircheapadh gléasanna cliste lena n-áirítear callairI (speakers), cloigíní dorais agus uaireadóirí.
Dúirt Olga Cronin ó Chomhairle um Chearta an Duine: ‘Is uirlisí agus cumhachtaí faireachais (surveillance) iad seo a bhfuil raon feidhme urghnách acu, agus impleachtaí fairsinge acu do chearta agus do shaoirsí daoine.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.