

Tá sceideal suntasach fhéile na Nollag foilsithe ag TG4. Seo cuid de na cinn is ansa linn féin. Chun an sceideal a sheiceáil, téigh chuig www.tg4.ie.

Anúna, A Whisper of Paradise, Oíche Nollag, 4.20pm: Rogha ceoil le téama an gheimhridh, cuid de na carúil Nollag is cáiliúla ar domhan san áireamh. Is é an cumadóir Michael McGlynn a chóirigh an ceol agus is i Séipéal San Parthalán i nDroichead na Dothra a rinneadh taifeadadh ar an gclár.
Fidil Ghorm, Lá Nollag, 8.30pm: (2024 Dráma) Is iad Edith Lawlor, Ruadhán Ó Flatharta, Barry McGovern, Siobhán O’Kelly agus Aindrias De Staic na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Anne McCabe. Scannán faoi chailín óg a cheapann go dtiocfaidh a hathair as cóma má chasann sí an fhidil dó.

Nollaí, Lá Nollag, 4.50pm: Téann Nollaí ar aistear chun fáil amach cá as a dtáinig sé ach déanann sé dearmad ar an teaghlach a thóg é. (Scannán Nua Beochana Gaeilge)
Geantraí na Nollag 2025, Lá Nollag, 7pm: Ceiliúradh ag TG4 ar bheagnach 30 bliain ó cuireadh tús leis an tsraith ceoil thraidisiúnta. Le ceoltóirí agus amhránaithe.
Gene Kelly – Réalta an Rince, Lá Nollag, 10.05pm: Bhí aithne Gene Kelly an-bhródúil gur as Éirinn a tháinig a mhuintir agus bhí an-suim aige i stair, cultúr agus damhsa na hÉireann. Tugtar léargas ar a shaol sa chlár faisnéise seo.

George Best i gCorcaigh, Lá Le Stiofáin, 8.15pm: Clár faisnéise faoin tréimhse a chaith George Best ag imirt do Cork Celtic, ag comóradh 50 bliain ó d’imir sé i Sraith na hÉireann.
GAA 70s – Réabhlóid Sóisialta, Dé Máirt, 30/12/25, 9pm: Léargas ó TG4 ar an mborradh a tháinig ar pheil Ghaelach sna 70idí chomh maith leis an tionchar socheolaíoch a bhí aige sin ar mhuintir na hÉireann.
Cartlann Christy Moore, Dé Céadaoin, Oíche Chinn Bhliana, 10.10pm: Christy Moore ag tabhairt súil siar ar a shaothar ceoil. Beidh cuid de mhórcheoltóirí na hÉireann ar an gclár freisin chun oidhreacht cheoil Christy Moore a cheiliúradh.

Bláth na hÓige An turas go Lorient, Lá Caille, 8.45pm: Clár faisnéise faoi Bhláth na hÓige agus iad ag triall ar Fhéile Idircheilteach Lorient sa Bhriotáin. Rogha ceoil le téama an gheimhridh, cuid de na carúil Nollag is cáiliúla ar domhan san áireamh. Bláth na hÓige Ar Stáitse i Lorient, Dé hAoine, 2/1/26, 8.50pm.

Ceiliúradh ar Mhicheál D Ó hUiginn, Dé Sathairn, 3/1/26, 9.00pm: Tháinig cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír le Chéile i gCeoláras Náisiúnta i mí Mheán Fómhair chun albam d’fhilíocht ó bhéal le Micheál D Ó hUigínn ‘Against All Certainty’ a sheoladh. Le Paula Meehan, Sebastian Barry, Mary Coughlan, Paul Brady, Imelda May, Rónán Ó Snodaigh agus Andy Irvine. Á chur i láthair ar TG4 ag Tommy Tiernan.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.