

Ní foláir iarratais a bheith istigh don Chomórtas Amhrán faoin Luain seo chugainn, 8ú Nollaig. Níl aon táille iontrála.
Is comórtas é seo chun amhrán a aimsiú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann ag Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2026. Ní foláir don amhrán a bheith as Gaeilge agus is gá na focail agus an ceol a bheith nua chumtha.
Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus cuirfear na hamhráin a roghnófar i láthair ag an gComórtas Náisiúnta beo a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 24 Eanáir 2026 in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach.

Roghnóidh painéal de mholtóirí aitheanta an buaiteoir ar an oíche.
Bronnfar duais airgid €1,000 agus trófaí náisiúnta ar an gcumadóir agus canfar an t-amhrán buacach ag an gcomórtas idirnáisiúnta le linn Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2026 a bheidh ar siúl ón 7 – 11 Aibreán i gCeatharlach an Cháisc seo chugainn.
Is ansin a bheidh an t-amhrán in iomaíocht leis na hamhráin nuachumtha eile a bheidh roghnaithe ag Albain, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, an Chorn agus an Bhriotáin agus beidh €1,500 maille leis an trófaí idirnáisiúnta le buachan ansin. Tá sonraí uile an chomórtais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar an suíomh gréasáin www.panceltic.ie.
Is féidir iarratas a sheoladh go leictreonach chuig pancelticcarlow@gmail.com
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.