An bhfuil amhrán agat? Níl mórán am agat

07/01/2024

Tá an Comórtas Náisiúnta Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach ar siúl anois agus seans agat do amhrán a chur isteach ar son na hÉireann ag Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2024 … ach brostaigh ort

Seo deis do scríbhneoirí amhrán agus amhránaithe atá cumasach €1,000 a bhuachan agus ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2024.

Tá an Comórtas Náisiúnta Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach ar siúl anois.

Tá an comórtas náisiúnta á reáchtáil i gCeatharlach tar éis d’amhrán spreagúil faoin gcairdeas a bhuaigh an comórtas anuraidh.

Bhí an t-amhrán Cion Cairde á chanadh ag grúpa áitiúil enCÓRe.

Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2024
Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2024

Is comórtas é seo chun amhrán nua a aimsiú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann ag Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2024.

Ní foláir na hamhráin a bheith as Gaeilge agus is gá na liricí maraon leis an gceol a bheith nua chumtha.

Cuireann an comórtas áirithe seo fáilte roimh gach stíl amhráin idir chinn traidisiúnta, pop, amhráin tíre, rac agus rap, snagcheol (jazz) agus eile.

Cé gurb é Dé hAoine, 5ú lá de Mhí Eanáir 2024, ag 5pm, an spriocdáta, is féidir iarratas a shealadh an tseachtain seo chugainn.

Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh beo ag an gComórtas Náisiúnta a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 27ú Eanair 2024 in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach.

Beidh painéal moltóirí ann chun na hamhráin a mheas ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus an cur i láthair.

An bhfuil amhrán agat?
An bhfuil amhrán agat?

Déanfaidh IMRO i gcomhar le Gael Linn urraíocht ar an gcomórtas náisiúnta.

Bronnfar duais €1,000 agus trófaí náisiúnta ar an amhrán a roghnóidh na moltóirí chomh maith le bheith mar iarratas na hÉireann ag an gcomórtas idirnáisiúnta a bheidh ar siúl le linn Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2024 a bheidh ar siúl ón 2ú go 6ú Aibreán i gCeatharlach an Cháisc seo chugainn.

Is ansin a bheidh an t-amhrán in iomaíocht leis na hamhráin nua-chumtha ag na tíortha ceilteacha eile ina measc Alba, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, an Chorn agus an Bhriotáin.

 Is feidir iarratais a sheoladh go leictreonach chuig pancelticcarlow@gmail.com nó dlúthdhioscaí a chur sa phost chuig:

Comórtas Amhrán Pan Cheilteach,
Glór Cheatharlach,
Áras na nÓg,
Éire Óg,
Bóthar Uí Bhriain,
Ceatharlach R93 Y020 faoi 5ú Eanáir 2024.

Tá sonraí uile an chomórtais, rialacha agus foirmeacha iarratais ar fáil ar an suíomh gréasáin www.panceltic.ie

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach labhairt le Bríde nó Emma ar 087 2857048, 085 1340047 nó scríobh chuig:

pancelticcarlow@gmail.com.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram