Beidh gigeanna, seisiúin, ceolchoirmeacha, caint agus craic ar fáil gach áit sa chathair don TradFest i rith na seachtaine – mar sin níl mórán maitheas fanacht sa bhaile na hoícheanta seo.
Tá gach eolas
faoi TradFest
ar fáil le
cliceáil
ANSEO
Beidh cuid de na ceoltóirí agus amhránaithe traidisiúnta is fearr as Éirinn agus thar lear i láthair ann. Daoine mar Allison Russell, Niamh Farrell agus Wearegriot.
Tá baint mhór ag an amhránaí Aoife Scott leis na Tradfest agus chuir sí tús lena gairm bheatha mar amhránaí ag an bhféile seo 10 mbliana ó shin.
Deir sí go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an bhféile mar go mbíonn ceoltóirí traidisiúnta i lár an aonaigh ar phríomh ardáin na cathrach.
Mar sin féin bíonn an-chuid ceoltóirí óga and ceoltoirí lena meonta féin ag an TradFest agus iad ag seinm ina stíl féin.
Deir an ceoltóir Mairéad Ní Mhaonaigh go bhfuil sí ag súil leis an seisiún ceoil ‘Transatlantic Women’ a chur i láthair leis na hamhránaithe Aoife O’Donovan, Alison Brown agus Edwina Guckian agus ceoltóirí eile mór le rá.
Ó thar lear tá daoine mar Tom Paxton, Ralf McTell agus beidh agallamh le Janis Ian.
Beidh an TradFest ar siúl idir 24-28 Eanáir go hoifigiúil ach bhí clár ar leith de Arena ar RTÉ Raidió 1 Dé Luain agus beidh ceann eile ar Dé Mairt le cheolchoirm bheo ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath le leithéidí Stocktons Wing, Strange Boy, Aoife Scott agus an-chuid eile.
Gné amháin den fhéile a bhfuil an-tóir uirthi agus a bhfuil a phodchraoladh féin aici ná Women of Note atá curtha le chéile agus á chur i láthair ag Aoife Scott.
Léiríonn Women of Note ealaíontóirí as Éirinn agus thar lear ó chúlraí éagsúla a thagann le chéile chun ceol traidisiúnta na hÉireann a cheiliúradh lena gcuid ceoil agus lena scéalta.
Beidh 100 ceolchoirm á reáchtáil in ionaid éagsúla i mBaile Átha Cliath i gcaitheamh TradFest agus tá tuilleadh eolais ar fáil ar chuntais mheáin shóisialta TradFest: Instagram @tradfestdublin, X @trad_fest, TikTok @tradfest agus facebook Tradfest.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.