Tabhair tús áite do Raidió na Gaeltachta le mórshraith nua drámaíochta, ceol, cúrsaí reatha agus spórt

Tá tús curtha le Sceideal an Fhómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus an-chuid ar siúl.

Tosóidh Jó Johnny Joe, mórshraith nua drámaíochta dúghrinn, faoin gceoltóir Johnny Ó Dúill ar an Domhnach 14ú Meán Fómhair ag 7.30pm ar Raidió na Gaeltachta.

Nascann an saothar seo ceol beo den scoth i scéal ina bhfuil scoth na n-aisteoirí gairmiúla páirteach ann, ina measc: Darach Ó Dubháin, Sorcha Ní Chéide, Macdara Ó Fátharta, Ella Nic Dhomhnaill, Máire Eilís Ní Fhlatharta & Bríd Ní Neachtain agus go leor eile. Tá sé scríofa ag an drámadóir aitheanta, Darach Mac Con Iomaire.   

Liam Ó Maonlaí le Máire agus Étain Ní Churraoin
Liam Ó Maonlaí le Máire agus Étain Ní Churraoin

Beidh sraith nua den chlár Cuan an Cheoil ar Raidió na Gaeltachta le Liam Ó Maonlaí le cloisteáil gach Déardaoin ag 7pm ón 11ú Meán Fómhair. Labhraíonn Liam le ceoltóirí aitheanta agus i measc na n-aíonna a chloisfimid beidh: Máire agus Étáin Ní Churraoin, Doireann Ní Ghlacáin agus Libby McCrohan, Cathal Ó Curráin agus Megan Nic Fhionnghaile, Pauline Scanlon, John Spillane agus a lán eile. Beidh físeáin de na cláir le feiceáil ar Youtube gach seachtain freisin.

Beidh Máire Treasa Ní Dhubhghaill ar ais ar Raidió na Gaeltachta le sraith nua de Pé Scéal É, a chloisfear gach Aoine ag 3pm ón 12ú Meán Fómhair. Sa tsraith seo, cuirfidh Máire Treasa tús leis an deireadh seachtaine, le ceol beo sa stiúideo agus agallaimh.

Beidh sraith nua de An Cúinne Dána le cloisteáil gach Déardaoin ag 2.05pm ón 11ú Meán Fómhair ar aghaidh. Sa tsraith seo, tabharfaidh Tristan Rosenstock spléachadh ar na healaíona. 

Darach Ó Dubháin agus Ella Nic Dhomhnaill
Darach Ó Dubháin agus Ella Nic Dhomhnaill

Beidh féasta ceoil ar na haerthonnta i rith na seachtaine chomh maith. Beidh Gráinne Ní Dhomhnaill ar ais le Nead na Fuiseoige gach maidin ón 7am, agus beidh sos ó scéalta móra an lae ag Eibhlín de Bhailís ar Cuideachta Ceoil gach maidin ó Luan go hAoine ag 10.15am.  

Tabharfaidh rogha fhairsing ceoil Dónal Mac Ruairí ar Cóisir Cheoil lón anama d’éisteoirí idir 2.30-5pm  ón Luan go  Déardaoin, agus beidh plúr na gceoltóirí traidisiúnta le cloisteáil ar Ceol Binn Ó na Beanna le Neansaí Ní Choisdealbha gach Luan go Céadaoin ón 7-9pm. Beidh Seoda Foinn le Caitlín Ní Chualáin, ar ais gach Déardaoin ag 8.30pm, agus gach Aoine, ón 7-9pm, beidh an ceoltóir agus cumadóir aitheanta Peadar Ó Riada  sa chathaoir le Cuireadh Chun Ceoil

Beidh An Taobh Tuathail ar ais ar Raidió na Gaeltachta gach Luan ón 11pm – 1am agus gach Máirt go Aoine ó 10pm go meán oíche.

Má tá do chroí istigh sa cheol tíre, beidh An Bóthar go Nashville le Jó Ní Chéide ar siúl gach Luan ón 9-11pm agus Tequilla Tíre le Josie Ó Cualáin gach Domhnach ó 9-11pm.  

Beidh Máire Treasa Ní Dhubhghaill ar ais ar Raidió na Gaeltachta le sraith nua de Pé Scéal É
Beidh Máire Treasa Ní Dhubhghaill ar ais ar Raidió na Gaeltachta le sraith nua de Pé Scéal É

Beidh Gormfhlaith Ní Thuairisg ar fáil mar is gnáth ar Adhmhaidin gach maidin ó Luan go hAoine ón 8am, agus beidh Nuacht a hAon ag 1pm le Fionnuala Ní Neachtain, Máirín Ní Ghadhra agus Colm Mac Giolla Easpaig. Beidh scéalta móra nuachta á bplé ag Fachtna Ó Drisceoil agus é ar ais ar Tús Áite, ag 5pm i rith na seachtaine. Ar an Satharn ag 11am, déanfar cíoradh ar scéalta móra nuachta agus polaitíochta ar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra.

Déanfar neart plé ar na scéalta móra spóirt anseo sa bhaile agus níos faide ó bhaile ar Spórt an tSathairn, Spórt an Tráthnóna agus Spórt an Lae gach deireadh seachtaine. 

Seolfar sraith nua ceoil an geimhreadh seo, comhléiriú idir Raidió na Gaeltachta agus BBC Radio nan Gàidheal, curtha i láthair ag Dónal Mac Ruairí agus Joy Dunlop a nascann ceol agus amhráin na hÉireann agus na hAlban. I mí na Samhna, beidh Raidió na Gaeltachta i lár an aonaigh le ceol, craic agus craoltaí speisialta, beo ó Oireachtas na Samhna 2025 i mBéal Feiriste.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram