Ní ise mo ‘Irish Molly’ a deir Joanna Lumley

14/08/2025

Cé hí an Molly Malone seo lena ‘gúna anuas go dtí an bolg agus a cíoch (breasts) mór nochta’, a deir Joanna Lumley, agus í ag caint faoi scannánú Wednesday do Netflix anseo

Tá Joanna Lumley, an t-aisteoir clúiteach ón mBreatain, ag iarraidh go ndéanfaí athrú ar an dealbh cháiliúil de Molly Malone i mBaile Átha Cliath.

Deir sí nach bhfuil an dealbh ag teacht leis an íomhá atá san amhrán mór le rá, Molly Malone, fúithi.

joannalumley1
Joanna Lumley

Tógadh an dealbh sa bhliain 1988 mar chuid de cheiliúradh mhílaois na cathrach.

Bhí sé suite ar Shráid Grafton ar dtús, ach cuireadh go Sráid Suffolk é i 2014 de bharr obair ar an Luas.

Tá sé cáiliúil ar fud an domhain de bharr an amhráin Molly Malone, ar ndóigh.

Le cúpla mí anuas, áfach, bhí conspóid ann mar go mbíonn turasóirí ag suaitheadh cuid íochtair gúna Molly mar ‘ádh’.

Joanna i Wednesday
Joanna i Wednesday

Tá Joanna, atá 79 bliain d’aois, tar éis a tuairim a thabhairt faoin ábhar, cé nach ndearna sí trácht ar an bprás atá caite agus scríobtha.

Dúirt sí: ‘Cad é atá ar siúl ag an mbean mhórálach seo lena gúna anuas go dtí an bolg agus a cíoch (breats) mór nochta? Tá an dealbh mhícheart.’

Ag labhairt di faoi Molly ar Today FM, mhínigh sí: ‘Ag éisteacht leis an amhrán, bhí sí ina cailín beag álainn ach tanaí, easnamhach ó thaobh cothaithe, iníon le trádálaí éisc. Brúigh sí a barraíníní (little wheelbarrow) ar an tsráid, d’éirigh sí an-tinn agus fuair sí bás le fiabhras.’

Tháinig na ráitis seo faoi Molly ó Joanna tar éis di roinnt ama a chaitheamh in Éirinn ag scannánú an dara sraith den chlár Netflix, Wednesday, a taifeadadh go hiomlán in Éirinn.

Molly Malone
Molly Malone

Níl sé i bhfad ó labhair Jenna Ortega, a imríonn príomhpháirt sa tsraith, faoin am a chaith sí in Éirinn.

Dúirt sí go raibh sí an-tógtha leis an tír, cé gur mheas sí go mbeadh níos mó cuairteoirí ann ‘murach an drochaimsir.’

Luaigh sí freisin go bhfuil an blas Éireannach ‘an-soiléir’ agus nach bhfuil sé deacair é a thuiscint.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram