

Tá amhránaí Kneecap, Mo Chara – Liam Óg Ó hAnnaidh a ainm fíor – cúisithe as sceimhlitheoireacht (terrorism) ag póilíní na Breataine, a líomhnaíonn go raibh sé ag croitheadh bratach Hezbollah.
De réir dhlí na Breataine, is eagraíocht toirmiscthe (proscribed) í Hezbollah, mar sin is ‘cion sceimhlitheoireachta’ é bratach a chroitheadh. Tá an cúiseamh bunaithe ar ghearrthóg físe ó cheolchoirm Kneecap.
Ó eisíodh nuacht faoin gcúiseamh, chuir Kneecap post suas ar X a taifeadadh i mí Eanáir.
Dúirt sé: ‘Nílim ag iarraidh a bheith 80, 90 bliain d’aois agus mo chlann clainne ag fiafraí díom faoin gcinedhíothú Palaistíneach? Mise ina suí ansin ag rá, “Ní dhearna mé go leor”. Nílim ag iarraidh a bheith ar an taobh sin den stair.’

Deir Kneecap nár thacaigh siad riamh le Hamas ná Hezbollah agus nach spreagfaidís foréigean in aghaidh aon duine.
Deir Kneecap gur baineadh an físeán atá i gceist as comhthéacs. Mar sin féin, cuireadh roinnt dá gceolchoirmeacha ar ceal, go háirithe sa Ghearmáin áit a bhfuil tacaíocht láidir d’Iosrael.
Tá Kneecap ag cáineadh ionsaithe Iosrael ar na Palaistínigh i nGaza i gcónaí freisin, áit a bhfuil 2.2 milliún duine gan bia agus cúnamh míochaine mar gheall ar rialtas Iosrael.
Tá níos mó ná 55,000 duine maraithe ag arm Iosrael freisin, mná agus páistí den chuid is mó, ach ní eagraíocht toirmiscthe iad agus tá sé dleathach tacú leo.
Gearradh cúiseamh ar Mo Chara, atá 27 bliain d’aois. Beidh air a bheith i gCúirt Westminster ar an 18 Meitheamh.
Dúirt Póilíní Chathrach Londain gur cúisíodh é tar éis imscrúdaithe ag a gCeannas Frithsceimhlitheoireachta.
Gearradh cúiseamh air as bratach a thaispeáint ag an O2 Forum i Kentish Town, i dtuaisceart Londain, ar an 21 Samhain.
Deir na póilíní go rinne sé é ‘ar bhealach nó i gcúinsí a mhúsclaíonn amhras réasúnta gur tacaí d’eagraíocht thoirmiscthe é’.
Dúirt an fórsa: ‘Cuireadh oifigigh ó cheannas frithsceimhlitheoireachta an Met ar an eolas Dé Máirt 22 Aibreán faoi fhíseán ar líne ón ócáid.
‘Rinneadh imscrúdú, rud a thug ar Sheirbhís Ionchúisimh na Corónach an cúiseamh a údarú.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.