Fuair muid neart topic! Spreag cás cúirte Mo Chara Kneecap agus iad ag taifead Fenian

Tháinig dara album de chuid Kneecap amach maidin Dé hAoine agus labhair na leaids faoi, agus a lán rudaí eile

Bhí Kneecap ar Barrscéalta maidin Dé hAoine le labhairt faoina halbam nua, Fenian, a tháinig amach ar an lá céanna.

Labhair Kneecap le Michelle na Grianna ó Dundee, agus iad ag fáil réidh do ghig.

KNEECAP
KNEECAP

Dúirt Móglaí Bap: ‘Thosaigh muid é seo mí Dheireadh Fómhair seo caite thall i Londain. Bhí muid ag iarraidh albam úr a dhéanamh, dul i dtreo úr, agus fuair muid Dan Carey mar “producer”.

‘Dar ndóigh, Fenian an t-ainm atá ar an albam, a thagann ó na Fianna. An chéad traic ar an albam, Éire go Deo… Tá Rónan Mac Aodha Bhuí ann… D’úsáid muid guth s’aige sa chéad amhrán. Rónán agus Manchán [Magan].

‘Bíonn muid i gcónaí ag smaointiú ar Rónán go háirithe mar thug sé an chéad deis dúinn seinm Tigh Hiúdaí Beag ag an Cabaret, bhí muid istigh le Rónán sa raidió thart fán am sin in 2018…’

Rónán Mac Aodha Bhuí. Pictiúr RTÉ
Rónán Mac Aodha Bhuí. Pictiúr: RTÉ

Rinne Móglaí Bap cur síos faoin traic Irish Goodbye: ‘Thosaigh sé nuair a sheol duine éigin clár faisnéise chuig m’athair, clár a bhí bunaithe ar an tréimhse a chaith m’athair mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge.

‘Bhí clip ann de mo mháthair agus na leaids sa teach agus b’shin an chéad uair go bhfaca mé físeán dom féin agus mo mháthair.

‘Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm agus mhothaigh mé go raibh orm an t-amhrán seo a scríobh.

KNEECAP
KNEECAP

‘Is dócha nuair a tharlaíonn bás tragóideach, déanann tú dearmad ar na laethanta maithe, agus na rudaí beaga a chrothnóinn tú nuair a imíonn duine éigin, na siúlóidí beaga, na bomaití idir na bomaití.

‘Seo cuid den phróiséas chun smaointiú ar na dea-laethanta, seachas smaointiú go bhfuil siad imithe go hiomlán.

‘Seo cinéal deis dul tríd na “archives”, na cuimhní agus na cinn mhaithe a phiocadh amach, agus iad sin a chur chun tosaigh san inchinn seachas na cinn atá níos brónaí.’

Móglaí Bap
Móglaí Bap

Lean Mo Chara ar aghaidh faoin albam: ‘Tá muid ag seasamh ar chúl na bhfathach. Is cinéal “homage” é do na daoine a tháinig romhainn agus a rinne an obair chrua ar fad.

‘Is cailliúint mhór é Rónán agus gan a leithéid, ní dóigh liom go mbeadh muidne anseo. Bíonn muid ag smaointiú ar Rónán go minic.’

Mo Chara. Pictiur Niall CarsonPA Wire
Mo Chara. Pictiúr: Niall Carson/PA Wire

Ag caint faoi na téamaí nua san albam, dúirt DJ Próvaí: ‘Tá cinéal meascán mearaí ann. Tosaíonn sé i bhfad níos ciúine agus tá sé ag déileáil leis an stuif ar fad a tharla le cúpla bliain anuas.

‘An cás cúirte agus ansin tá an stuif pearsanta fosta. Tá muid bogtha ar shiúl giota beag ón chóisireacht agus ón chraic sin ar fad, ach tá sé go fóill ann. Tá muid ag dul anonn in aois!’

DJ Provai
Dj Próvaí

D’oscail Kneecap suas faoi cás cúirte Mo Chara.

‘Ar dtús baire, shíl muid gur “hindrance” mór a bhí ann, go raibh orainn stopadh ag obair sa stiúideo le dul chuig an Magistrates Court.

‘Ach sa deireadh, “we used it to our advantage”. Bhí muid in ann spreagadh mhór a fháil fá choinne na hamhráin. Fuair muid neart topic’

image
Moya Brennan

Agus Kneecap ag déanamh machnamh ar a aistear ceoil, thug DJ Próvaí ómós do Mhoya Brennan.

‘Go ndéanann Dia trocaire ar Mhoya. Na daoine cosúíl le Clannad, b’iadsan a bhí ag tabhairt ag trealamh dúinne,’ a dúirt se.

‘Ach ab é go raibh siad ábalta a leithéid a dhéanamh, agus a bheith chomh leathan sin ar fud fad an domhain, ní bheadh ár leitheidí féin ábalta an spás sin a líonadh.’

Tá Fenian ar fáil anois.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram